Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cimigh · éimigh · iaigh · ibigh · impigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
imigh, v.i. (pres. imíonn, vn. imeacht, pp. imithe).Go. 1. Go away, leave. Ag teacht agus ag imeacht, coming and going. D’~ sé as an tír, he left the country. Tá sí ag imeacht go Meiriceá, she is going to, leaving for, America. D’~ siad ar eitleán, they went on a plane. Ná h~ go fóill, don’t go yet. 2. Go on, proceed, travel. Ag imeacht timpeall, ó áit go háit, going about, from place to place. Bhíomar ag imeacht ar feadh na hoíche, we kept travelling all night. D’~ sé roimhe, he travelled on. Duine bocht ag imeacht roimhe, a poor man wandering from place to place. 3. Go, start, off. Imeacht de shiúl géar, de rúid, to go off at a sharp pace, at a run. D’~ sé mar a bheadh splanc ann, he went off like a flash. D’~ an t-urchar, the shot went off. 4. Get away, escape. D’~ siad slán, they got away safe. Má imíonn tú le do bheo, if you escape with your life. D’~ sé gan mhasla gan mháchail, he escaped easily and unhurt. D’~ sé idir mo mhéara, it slipped through my fingers. Ní imeodh an méid sin thairis, even that wouldn’t escape him. 5. Progress. Tá an saol ag imeacht mar a bhí riamh, life goes on the same as ever. Cén chaoi a bhfuil an cluiche ag imeacht? How is the match going? 6. Prevail, be current. Na faisin atá ag imeacht, the current fashions. Bhí na cleamhnais ag imeacht fós, matchmaking was still in vogue. Níl an focal sin ag imeacht anois, that word is not used now. 7. Go round, circulate. Tá airgead bréige ag imeacht, there is counterfeit money in circulation. Má tá aon bhraon crua ag imeacht, if there is a drop of the hard stuff going. 8. Move, work. An clog a chur ag imeacht, to set the clock going. Coinnigh an t-inneall ag imeacht, keep the engine running. 9. (Of time, etc.) Pass, pass and change. Tá an lá ag imeacht, the day is passing. D’~ leathuair eile, another half-hour passed. An bhliain seo a d’~ tharainn, this past year. D’~ an t-am sin, that time is past. Is mór a d’~ an saol le gairid, the world has changed a lot lately. D’~ sin is tháinig seo, things are not as they were any more. 10. Give way, fail. D’~ an dréimire, the ladder gave way. D’~ sé as fúm, it went from under me. D’~ an solas, the light failed. Tá mo chuimhne ag imeacht, my memory is failing. Bhraith sé é féin ag imeacht, he felt himself going. Tá sé an-imithe, he is very failed. 11. Cease to operate, to have effect. D’~ an slaghdán, the cold is gone. Ó d’~ an t-airneán, since the night-visiting stopped. Is fada ó d’~ an bhuain chorráin, reaping with a hook ceased a long time ago. 12. Be lost, spent. Tá an t-airgead ag imeacht go tiubh, the money is going fast. D’~ mo chuid leabhar ar fad, my books have all disappeared. 13. Pass away; depart, die. An fear a d’~, the man who is gone. D’~ sé ina chodladh, he passed away in his sleep. Nuair a bheimid féin imithe, when we ourselves are gone. 14. Pass into a certain state. Imeacht bán, díomhaoin, to go waste, idle. Tá sé imithe chun an donais, he is gone to the bad. D’~ sé gan dóigh, he lost his self-respect. 15. Lit: Come to pass. D’~ gach ní dá ndúirt sé, everything that he said came to pass. 16. Lit: Go over, traverse. D’~ sé an loch gan eathar, he passed over the lake without a boat.
ABAIRTÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
An fear a bhfuil a mhac ag imeacht, the man whose son is going away.
Bhí an bád ag imeacht ar a h~ féin, the boat was drifting.
Ní ag teacht atá siad ~ ag imeacht, they are not coming but going.
Ag imeacht le h~ an tsaoil, pleasure-seeking, leading a gay life.
B’éigean dom imeacht aige, I had to leave because of him.
Bhí sé mór againn imeacht air, it was too much to expect that we should leave without him.
Tá sé imithe in ~ orm, it has become confused in my mind.
Ag imeacht gan ~, wandering aimlessly.
In ~ imeacht, instead of leaving.
Ag imeacht lena ~, making off with his bundle, swag.
Nuair ab ~ dúinn imeacht, when it was time for us to go.
Más ~ go bhfuil tú ag imeacht, if in fact you are going away.
Ní ~ a bhí tú imithe nuair a tháinig sé, you had only just left when he arrived.
Ógánaigh ag imeacht ~, youths going around indolent, becoming wastrels.
Tá sé imithe ~ ina diaidh, he is gone crazy after her.
Tá sé ar ~ imeacht, he is about to go.
Imeacht faoi bheiriú, to over-boil; to evaporate.
An mhuintir a bhí tar éis imeacht, the people who had just gone.
Má tá fút imeacht, if you intend to go away.
Cad é a dúirt sé? Tá, gur imigh sibh air, what did he say? This, that you went away without him.
Is ~ liom imeacht air, I don’t like to go away without him.
Imeacht ~ te, to go off hotfoot.
Tá mo chuid oibre (ag imeacht) ar ~, my work is being neglected, going to loss.
Imeacht sna boinn, i do chosa boinn, to go barefoot.
Ar bhord(a) imeacht, about to depart.
Níor bhraith mé an lá ag imeacht, I did not notice the day passing.
Tá mé ag brath (ar) imeacht, I intend to go away.
Tá ~ aige (ar) imeacht, he intends to go away.
Imigh más ~ leat é, go away if you are so inclined.
Ná lig an bhrí as; ná lig don bhrí imeacht as, don’t let its strength evaporate.
Tá sé i m~ gan a bheith ag imeacht, he is impatient to get away.
Ná bí ag imeacht i m~ na fearthainne, don’t go when it’s starting to rain.
Ag ~ ar (imeacht, fhearthainn), on the verge of (departure, rain).
Bhí ~laidhre air ag imeacht, he was in a hurry, impatient, to get away.
Bhí an bád ag imeacht as ~, the boat was going out of control.
~fidh mé imeacht, I must go.
Imeacht ar do chamchuairt, to go off on one’s rambles.
Ag imeacht ~ díreach roimh an ngaoth, sailing straight before the wind, running free.
Ag imeacht ar ~ chárthainn, running helter-skelter.
Cé nach, cé nár. Cé nár imigh tú fós? Have you not gone away yet?
(Tá) a chead aige fanacht nó imeacht, he may stay or go as he pleases.
Imeacht gan chead gan cheiliúradh, to leave without permission, without saying good-bye to anybody; to take French leave.
Cheadaigh siad dom imeacht, they gave me leave to go.
Ag imeacht ~, running loose.
Imeacht gan chead gan cheiliúradh, to leave without permission or parting greeting, to take French leave.
Tá sé (ag imeacht) ina chéis, he is (getting) very fat, bloated.
~ nár imigh tú fós? Have you not gone away yet?
Cad chuige ar imigh tú? Why did you go away?
Cad é is ~ dó imeacht mar sin? What prompted him to go away like that?
Imeacht idir ~ agus ursain (ar dhuine), to have a narrow escape (from s.o.).
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht