ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
There is a rumour abroad, tá ráfla ag imeacht, ar siúl; tá an scéala amuigh.
To go, come, afoot, imeacht, teacht, de shiúl cos.
I am afraid he is out, déarfainn go bhfuil sé imithe amach.
I come after he goes, tiocfaidh mise tar éis dó sin imeacht, nuair a bheas seisean imithe.
He is (all) agog to go, tá sé ar bior ag iarraidh imeacht, tá sé á bheophianadh go n-imeoidh sé.
To go on ahead, imeacht ar dtús.
All that money has vanished into thin air, tá an t-airgead sin uile imithe le sruth.
To cast off one's allegiance to a party, imeacht ó pháirtí, scaradh le páirtí.
Go and fetch for it, imigh leat dá iarraidh.
As you are not ready we cannot go, tharla nach bhfuil tú réidh ní thig linn imeacht.
To gallop away, imeacht ar chosa in airde.
I must away, caithfidh mé imeacht liom.
I'll be glad to see his back, beidh áthas orm nuair a fheicfeas mé ag imeacht é.
To go, walk, backwards, imeacht, siúl, ar gcúl.
Nau: Running, scudding, under bare poles, ag imeacht ina crann.
Going about barefooted, ag imeacht sna boinn.
They were all gone, bhí siad uile imithe.
Am I to leave? bhfuil orm imeacht? an gcaithfidh mé imeacht?
Soldierly bearing, imeacht m saighdiúra.
To go on before, imeacht ar tosach.
Before going away, he said . . ., roimh imeacht dó, sular imigh sé, dúirt sé ...
To betake oneself to a place, imeacht go dtí áit, áit a thabhairt ort féin.
It is better to go away than stay, is fearr imeacht ná fanacht.
To go bird's-nesting, imeacht ag cuartú, ag iarraidh, ag coilleadh, nead.
It has boiled away, tá sé imithe ina ghal, tá sé súite.
To bound away, (of pers.) imeacht de léim, de sciotán.
(Of roads, etc.) To branch off, imeacht(from, ó).
v.i.To bustle (about), imeacht (ag obair, etc.) faoi fhorrú, godriopásach.
There is nothing for it but to go away, níl le déanamh ach imeacht.
(Past) To go, pass, by, imeacht thart.
I am called away on business, tá orm imeacht ar ócáid ghnóthaí.
When can I go? cén uair a fhéadfas mé imeacht?
(To inferior) You can go now, tá cead agat imeacht anois; féadfaidh tú imeacht anois.
To be off in full career, imeacht i mbarr na bhfáscaí.
To career along, imeacht go fiáin, sna feire glinnte.
Free, easy, carriage, imeacht éasca ligthe.
He was carried away by joy, bhí sé ag imeacht as a chraiceann le gliondar.
May I go now? an bhféadfaidh mé imeacht anois?
Certainly not! ní fhéadfaidh, ná imeacht.
To leave, vacate, the chair, imeacht as an gcathaoir.
To chase off after sth., imeacht sna cosa in airde i ndiaidh ruda.
To sail under false colours, imeacht i mbréagriocht.
To come and go, teacht agus imeacht.
Easy come easy go, light come light go, an rud a fhaightear go bog imíonn sé go bog.
Comings and goings, teacht agus imeacht.
He is eaten up with conceit, tá sé ag imeacht as a chranna cumhachta le teann postúlachta.
In consequence of his having gone, de bharr é a imeacht.
He cannot contain himself for joy, tá sé ag imeacht as a chranna cumhachta le háthas.
To be given over to evil courses, bheith imithe le drabhlás.
He cranked up the car, chuir sé an carr ag imeacht leis an lámhchrann; thug sé casadh d'inneall an chairr.