TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
advice , s . 1 Comhairle f . To ask s.o. for advice , comhairle a iarraidh (ar dhuine) . To take s.o.'s advice , comhairle duine a ghlacadh . To act on s.o.'s advice , comhairle duine a dhéanamh . He gave me good, bad, advice , thug sé comhairle mo leasa, m'aimhleasa, dom . To take medical advice , barúil f dochtúra a fháil . At, by, on, under, s.o.'s advice , ar comhairle duine . 2 Faisnéis f , foláireamh m . Com : Advice note, letter of advice , nóta m , litir f , faisnéise . 3 Scéala m . We have advices from abroad , fuaireamar scéala ón gcoigrích .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To act upon advice , comhairle a chur i ngníomh .
Against my advice , thar mo chomhairle .
Amenable to advice , sochomhairlithe .
A bit of advice , comhairle f .
To follow s.o.'s advice , comhairle duine a dhéanamh ; glacadh le comhairle duine .
To be heedful of advice , éisteacht le comhairle .
He is impatient of advice , níl acmhainn ar bith aige ar chomhairle .
He took legal advice , chuir sé an scéal i gcomhairle dlíodóra .
Liberal of advice , fairsing faoi chomhairle .
Advice is lost on him , saothar in aisce a bheith ag iarraidh comhairle a chur air .
Advice note , nóta faisnéise .
To act on the advice of . . ., beart a dhéanamh de réir chomhairle . . .
He is not open to advice , ní éistfidh sé le comhairle ; tá sé dochomhairlithe .
Piece of advice , comhairle f .
To take professional advice on a matter , dul i gcomhairle le fear gairme (le dochtúir, le dlíodóir, etc.) faoin scéal .
He profited by her advice , chuaigh a comhairle ar sochar dó ; rinne a comhairle leas dó .
To regard s.o.'s advice , aird a thabhairt ar chomhairle duine .
Regardless of his advice , ar neamhchead dá chomhairle .
To scorn advice , neamhshuim a dhéanamh de chomhairle .
To seek advice , dul i gcomhairle .
A person submissive to advice , duine sochomhairlithe .
F : I have had a surfeit of advice , tá mé dóthanach de chomhairle .
To take legal advice , dul i gcomhairle le dlíodóir .
To put advice to use , leas a bhaint as comhairle .
You might as well talk to a wall as give him advice , cuimilt mhéire do chloch a bheith á chomhairliú sin .
All my advice was wasted on him , ba shaothar in aisce dom comhairle a chur air .
He was told to leave the country, which advice he followed , iarradh air imeacht as an tír, rud a rinne sé .