Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: fallow · fellow · hollow · allow · flow
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh follow »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
follow. I v.tr. 1 Leanaim. a To follow s.o. about, bheith i gcónaí sna sála ag duine. A master followed by his servant, máistir agus a ghiolla lena chois. To follow s.o. in, duine a leanúint isteach. To follow the hounds, (i) an fiach a leanúint; (ii) dul san fhiach. To follow one's nose, imeacht caol díreach romhat. b To follow a road, leanúint de bhóthar. Boat that follows the coast, bád a imíonn leis an gcósta. c Tagann i ndiaidh (ruda, duine), leanann. The years follow one another, leanann na blianta a chéile, tagann na blianta ar mhuin a chéile. (Of action) To be followed by consequences, toradh a theacht ar (rud). 2 Leanaim; táim i mo dheisceabal ag (duine). 3 Leanaim, téim sa tóir ar (namhaid). 4 Glacaim le, géillim do, leanaim (faisean, etc.). To follow s.o.'s advice, comhairle duine a dhéanamh; glacadh le comhairle duine. 5 Cleachtaim, téim le (ceird, gairm bheatha). To follow the sea, beatha a thuilleamh ar an bhfarraige; dul le farraige. 6 a Tuigim, leanaim (míniú). b Tugaim aird ar (chaint, ar chomhrá). 7 To follow a tragedy with a light comedy, coiméide éadrom a chur i ndiaidh traigéide. II   follow, v.i. 1 Leanann. To follow (after), teacht i ndiaidh (ruda). As follows, mar leanas. Our method is as follows, ag seo mar leanas ár modh oibre. 2 To follow in s.o.'s footsteps, lorg duine a leanúint. To follow close behind s.o., leanúint sna sála ag duine. 3 Tagann de; tagann de bharr, de dheasca (ruda). Hence it follows that . . ., fágann sin go . . . It does not follow that. . ., ní fhágann sin go . . .; ní hionann sin agus a rá go . . .
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I can't follow his argument, ní thuigim brí a chuid argóinte.
He was coming towards us, and his wife was following behind, bhí sé ag déanamh orm, agus a bhean ina dhiaidh aniar.
He walked, followed, behind me, bhí sé ag teacht i mo dhiaidh.
To follow close behind s.o., teacht sna sála ag duine.
(Of document) Conceived as follows, a chuirtear síos mar leanas.
The report concludes as follows, críochnaíonn an tuairisc mar leanas.
An article that embodies the following regulation . . ., alt a bhfuil an riail seo leanas ann...
Following the example of . . ., ag leanúint loirg ...
To follow up a clue, leanúntas a chur ar leid; leid a leanúint.
To follow up an advantage, buntáiste a chur abhaile.
Nau: Following wind, cóir f (ghaoithe).
Following edge, cúlchiumhais f.
On the following day, lá arna mhárach; an lá dar gcionn.
In the following year, an bhliain ina dhiaidh sin; san athbhliain.
The following resolution, an rún seo a leanas.
Two days following, dhá lá i ndiaidh a chéile.
To follow, tread, walk, in s.o.'s footsteps, lorg duine a leanúint.
To follow hard on s.o., bheith sna sála ag duine.
He was following, praising, her, bhí sé á leanúintse, á moladhsa.
She was following him, bhí sí á leanúint-sean.
Let him follow his own inclination, déanadh sé a chomhairle féin.
He followed his master's lead, rinne sé mar a rinne a mháistir roimhe; lean sé lorg a mháistir.
He was praising, following, me, do mo mholadhsa, do mo leanúintse, a bhí sé.
On the following day, an lá arna mhárach.
To follow the plough, dul le feirmeoireacht.
Following no preconcerted plan, gan leanúint d'aon socrú roimh ré.
A comic scene follows by way of relief, tá dreas grinn ina dhiaidh mar fhaoiseamh.
To go to sea, to follow the sea, dul leis an bhfarraige; le mairnéalacht.
They follow one another like sheep, leanaid a chéile ar nós na lachan.
To follow out the spirit of the order, brí f, aigne, an ordaithe a chomhlíonadh.
To follow suit, (i) an dath a imirt; (ii) déanamh mar a rinneadh romhat.
She was praising, following, thee, do do mholadhsa, do do leanúintse, a bhí sí.
She was following them, bhí sí á leanúintsean.
To follow in s.o.'s tracks, lorg duine a leanúint.
He followed me up, bhí sé sna sála agam.
She was following us, sinne a bhí sí a leanúint.
F: To follow in s.o.'s wake, lorg duine a leanúint.
He was told to leave the country, which advice he followed, iarradh air imeacht as an tír, rud a rinne sé.
Following wind, gaoth ar an aighre; gaoth chúil.
When he was praising, following, you, nuair a bhí sé do do mholadhsa, do do leanúintse; nuair a bhí sé bhur moladhsa, bhur leanúintse.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht