ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To boast that one can do sth., maíomh a dhéanamh, gaisce a dhéanamh as a bheith in ann rud a dhéanamh.
None but he can do it, ní féidir le aon duine a dhéanamh ach leisean.
I can do it, is féidir liom, tá sé ar mo chumas, é a dhéanamh.
Com: We can do you this article at. . ., is féidir linn an t-earra seo a sholáthar duit ar . . .
He can do for himself, is féidir leis déanamh as dó féin.
I can do it easy, tig liom a dhéanamh gan dua.
You can do it either way, tig leat a dhéanamh ar aon cheann den dá shlí.
F: It will give me all I can do to finish it, cuirfidh sé go dtí m'aonbheart mé é a chríochnú.
I can do it just as well as he can, tá mé in ann é a dhéanamh chomh maith céanna leisean.
I can do as I like with him, tá sé ar mo thoil agam.
He thinks he can do anything he likes, is dóigh leis go dtig leis a rogha rud a dhéanamh.
F: It is as much as he can do to read, níl sé in ann léamh ach ar éigean.
No one man can do it, ní thig le fear ar bith a dhéanamh leis féin.
Do you think you can do it? measann tú an féidir leat a dhéanamh?
I can do nothing with him, ní féidir liom aon cheart a bhaint de.