like1,a.Cosúil, dealraitheach(to, le). 1aLike cases, cásanna cosúla. On this and like matters, ar an gcúrsa seo agus ar a leithéidí eile; air seo agus ar chúrsaí eile. A rod and another of like length, slat agus ceann eile dá fad. I will do you a like service, déanfad a oiread duit. He gave me a like amount, thug sé a chomhoiread dom. Two plants of like species, dhá phlanda den ghné chéanna. In like manner, ar an gcuma chéanna; mar an gcéanna. Like father, like son, ba dual athair dó. Like master, like man, is ionann le chéile an giolla agus a mháistir. Alg: Like terms, téarmaí mpl cosúla. bThe portrait is very like, tá an dealramh go maith sa phortráid; macasamhail mhaith an phortráid. They are as like as two peas, tá siad mar a sceithfeadh fíogach fíogach eile. 2aI want to find one like it, tá a mhacasamhail, a leithéid eile, uaim. Men like ourselves, daoine ar ár nós féin. A doctor like you, an té atá ina dhochtúir mar atá tusa. Pej: (Fellows) like you, bhur leithéidí. A drunkard like you, meisceoir de do leithéidse. He is like his father, tá dealramh aige lena athair. Who is he like?cé leis is cosúil é?He is rather like you, tá dealramh éigin aige leat. What is he like?cad é an saghas é?He was like a father to me, rinne sé ionad athar dom. Old people are like that, is mar sin do na seandaoine. I never saw anything like it, ní fhaca mé riamh a leithéid. (The sum) amounts to something like ten pounds, tá suas le deich bpunt ann. That's something like rain!sin clagar agat! tabhair báisteach air!It is like Summer, tá sé ina Shamhradh. He is like an ass, is cuma nó asal é. That's something like!tá dealramh éigin air sin! is fearr é sin!There is nothing like health, is fearr an tsláinte ná na táinte. There is nobody like her!níl ann ach í!She is nothing like so pretty as you, níl aon bhreith aici ar bheith chomh gleoite leatsa. It is nothing like finished, níl sé in aon ghaobhar dá bheith críochnaithe. S.a. FEEL2 3, LOOK2 3. bThat's just like a woman!sin í an bhean agat!It's just like him to do that!, é féin, a leithéid, a dhéanfadh é! ní dhlífinn a mhalairt de!That's like his impudence, sin í an teallaireacht is dual dó!Just like you!ní chuirfinn tharat é!3A: He is like to die, is cosúil, is dealraitheach, go gcaillfear é.IIprep.Mar, amhail; ar nós, dála. Like me, ar mo nós, mar mise. Like James, dála Shéamais. I think like you, táim ar aon aigne leat. You don't hold your pen like me, ní hionann a bheireas tú féin agus mise ar an bpeann. Just like anybody else, dála gach aon duine eile. Behave like a man, iompar tú féin i d'fhear. F: He ran like anything, like blazes, like the (very) devil, like mad, rith sé in ainm an diabhail, le luas lasrach. Don't talk like that, ná labhair ar an gcuma sin; ná habair a leithéid. He stood there like a statue, bhí sé ina sheasamh ansin mar a bheadh gallán cloiche ann. I hate him like poison, tá gráin shaolta agam air. He loved me like a son, bhí cion mic aige orm. III1F: Like enough, very like; as like as not, de réir dealraimh; chomh dócha lena athrach. 2 (Incorrect use=as) I cannot knit like mother does, níl mé inchurtha le mo mháthair a cniotáil.IVs.Macasamhail f -a, leithéid f, samhail f -a, amhlachas m, fearacht f. We shall never look upon his like again, ní fheicfimid a mhacasamhail go brách arís; ní bheidh a leithéid arís ann. It is too good for the likes of me, rómhaith atá sé dom leithéidse. I never heard the like (of it), níor chuala mé riamh a leithéid. To do the like, a leithéid (de rud) a dhéanamh.
like2, s.(Usu. pl.) Bá f, gnaoi f, dúil f. Likes and dislikes, col m agus bá; toil f agus neamhthoil f.
like3, v.tr.1Taitníonn (rud, duine) liom; is maith liom (rud, duine); tá cion agam ar (dhuine). I like him, is maith liom é; tá cion agam air; tá bá agam leis. Do you like him?an dtaitníonn sé leat?I came to like him, théigh mé leis de réir a chéile. I don't like his looks, ní deas liom a dhealramh. How do you like him?conas a thaitníonn sé leat? cad é do mheas air?I should like time to consider it, ba mhaith liom faill smaointe a fháil. Would you like a drink?an ólfá deoch?As much as ever you like, oiread agus is maith leat; do dhá dhóthain. Your father won't like it, ní bheidh d'athair róshásta. If he doesn't like it he can go elsewhere, más cúng leis fágadh. Whether he likes it or not, más olc maith leis é. I should like it of all things, níorbh fhearr liom aon rud ná é. These plants don't like damp, ní théann an fliuchras go maith do na plandaí seo. F: I like your impudence!murab ort atá an t-éadan!I like that!b'ait liom sin!2aI like to see them, is maith liom iad a fheiceáil. I like to be obeyed, is mian liom go ndéanfaí rud orm. I don't like to say it, is leasc liom é a rá. I like her to be near me, is maith liom in aice liom í. Your going out so often isn't liked, níltear sásta le tú a bheith ag dul amach chomh minic sin. Would you like to smoke?an gcaithfeá gal?Would you like to eat something?an íosfá greim?I should like to be able to help you, ba mhaith liom a bheith in ann cabhrú leat. Would you like me to go?an áil leat mé a dhul? ar mhaith leat go rachainn?If he were as I should like, dá mbeadh sé mar ba mhian liom é a bheith. bAs you like, mar is maith, fearr, áil, mian, leat féin. I can do as I like with him, tá sé ar mo thoil agam. He is free to act as he likes, tá sé ar a chomhairle féin; tá cead a chinn aige. Do just as you like, déan do rogha rud. When I like, nuair is mian liom. He thinks he can do anything he likes, is dóigh leis go dtig leis a rogha rud a dhéanamh. People may say what they like . . ., is cuma céard a déarfas daoine . . . Take as much as you like, tóg a bhfuil uait.