TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
feeling 1 , a . 1 (Of pers.) Goilliúnach, mothálach . 2 (Of language, etc.) Tochtach, corraithe . ► feelingly , adv . To speak feelingly of sth ., labhairt i dtaobh ruda (i) go báúil ; (ii) go corraithe .
feeling 2 , s . 1 Mothú m . I have no feeling in my arm , níl aon mhothú i mo láimh agam . 2 Mothú m (bróin , tinnis) . 3 a Meabhair f -ach , mana m . To have kindly feelings towards s.o ., dáimh, lé, a bheith agat le duine . The feeling of the meeting , intinn f an chruinnithe . Public feeling , mana an phobail . b I had a feeling of danger , mhothaíos go raibh contúirt ann . There is a general feeling that . . ., tá tuairim choitianta go . . . c Tocht m , corraí m , mothú m . To have no feelings , bheith gan chroí . To speak with feeling , labhairt (i) go díograiseach ; (ii) go corraithe . He gave vent to his feelings , lig sé amach a racht .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To blunt the feelings , an croí a mhaolú .
To consider feelings , féachaint le gan goilleadh ar dhuine ; bheith cáiréiseach i nduine .
To consult s.o.'s feelings , bheith airdeallach gan buaireamh a chur ar dhuine ; bheith cáiréiseach gan duine a ghortú .
A feeling of uneasiness was creeping over me , bhí aistíl éigin ag teacht orm .
I had a creepy-crawly feeling , bhí drithlíní ag dul tríom .
Delicate feelings , mothálacht f , soghontacht f .
I'm feeling absolutely done in , táim tugtha tnáite .
To enter into s.o.'s feelings , beith báúil, cásmhar, le duine .
He is feeling his way , (i) tá sé ag brath na slí roimhe (ii) tá sé ag smúrthacht leis .
He was feeling in his pocket for it , bhí sé ag saibhseáil ina phóca á lorg .
To rely on s.o.'s finer feelings , dul i muinín uaisleachta duine .
I was feeling a bit flat , bhraitheas beagán leamh ionam féin .
His feelings for you , a mheon chugat .
Good feeling , dea-intinn f , dea-rún m .
F : A feeling of hate grew up between them , d'éirigh faltanas eatarthu .
F : To harrow s.o., s.o.'s feelings , an croí a scalladh ag duine .
Feelings ran high , bhí na daoine tógtha .
It hurt his feelings , ghoill sé air .
Hurtful to the feelings , goilliúnach, coscrach .
F : No ill-feeling! ná cuireadh sin eadrainn!
To inspire a feeling in, into, s.o ., mothú a spreagadh, a mhúscailt, i nduine .
It jars on my feelings , goilleann sé orm .
To juggle with s.o.'s feelings , an cluiche claonach a imirt ar dhuine .
F : He misread my feelings , níor thuig sé an rud a bhí ar mo chroí .
It was with mixed feelings that I approached him , bhí mo chroí trína chéile agus mé ag tarraingt air .
The religious feeling that pervades the book , an chráifeacht atá fite fuaite sa leabhar .
To play on s.o.'s feelings , fadú faoi dhuine .
To promote good feeling between nations , cairdeas m a chruthú idir náisiúin .
To be prompted by a feeling of pity , corraí le teann trua .
To relieve one's feelings , do racht a ligean amach .
I am feeling rotten , táim i ndeireadh na péice .
To ruffle s.o.'s feelings , colg a chur ar dhuine .
F : Sinking feeling , meath m misnigh .
To spare s.o.'s feelings , gan rud a dhéanamh a ghoillfeadh ar dhuine .
He is not feeling quite the thing this morning , níl sé aige féin mar is ceart ar maidin .
To think of s.o.'s feelings , cúram a dhéanamh de ghoilliúnaí duine .
His feelings towards me , an meon atá aige dom .
To trample on s.o.'s feelings , neamhshuim a dhéanamh de ghoilliúint ar dhuine .
To give utterance to one's feelings , an rud atá ar do chroí a rá .
To wound s.o.'s feelings , goilleadh ar dhuine .