Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: toward · onwards · outwards · steward · sward
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh towards »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
towards, prep. 1 Faoi dhéin, i dtreo, d'ionsaí (áite, duine). It faces towards the sea, tá a aghaidh ar an bhfarraige. To go towards a place, aghaidh a thabhairt ar áit; déanamh ar áit. With his back towards me, agus a chúl liom. 2 I leith, maidir le. His feelings towards me, an meon atá aige dom. 3 Do, le haghaidh, i gcóir. To save towards the children's education, airgead a chur i leataobh d'oideachas na bpáistí. 4 (Of time) Ag tarraingt, i ndáil le. Towards noon, ag tarraingt ar mheán lae; i ngar do mheán lae. Towards the end of his life, in earr a shaoil.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is well, ill, affected towards me, tá bá, fiamh, aige liom.
He has an affection for her, he feels an affection towards her, tá sé geallmhar uirthi.
To behave badly towards s.o., droch-cheann a chaitheamh le duine, caitheamh go dona le duine.
He was coming towards us, and his wife was following behind, bhí sé ag déanamh orm, agus a bhean ina dhiaidh aniar.
(Direct) To bend one's steps towards a place, aghaidh do chos a thabhairt ar áit.
He has a bent towards it, tá claonadh aige leis, tá a thoil leis, tá luí aige leis. S.a. TOP1 I. 6.
Conduct towards s.o., iompar le duine.
To be cool towards s.o., bheith fuarchúiseach le duine.
To direct one's steps towards ..., dul i dtreo ..., déanamh ar . . .
That will go far towards making up for the loss, cuideoidh sin go mór leis an gcaillteanas a thabhairt isteach.
To show favour towards s.o., bheith fabhrach le duine.
To have kindly feelings towards s.o., dáimh, lé, a bheith agat le duine.
He acted towards them with a heavy hand, d'imir sé an t-ansmacht orthu; ba throm lorg a láimhe orthu.
She is ill-disposed towards them, tá droch-chroí aici dóibh.
To incline the heart towards evil, an croí a chlaonadh chun oilc.
To incline one's steps towards a place, aghaidh na gcos a thabhairt ar áit.
To indispose s.o. towards s.o. duine a chur in aghaidh duine.
He is kindly disposed towards me, tá dáimh aige liom.
He leans towards mercy, tá claonadh chun na trócaire ann.
Love of, for, towards, s.o., grá do dhuine, cion ar dhuine.
To make for, towards, a place, aghaidh a thabhairt ar áit.
To march to, towards, a place, déanamh ar áit.
He made a motion towards the door, dhruid sé i dtreo an dorais,
To move towards a place, déanamh, díriú, ar áit.
There was a general movement towards the door, thug siad uile iarraidh ar an doras.
One's duty towards one's neighbours, do dhualgas do do chomharsa.
There was a general scurry towards the door, bhí siad ag baint na sál dá chéile ag tarraingt ar an doras.
Friendly sentiments towards s.o., bá le duine.
He turned his steps towards . . ., thug sé aghaidh ar . . .
To go straight towards s.o., díriú ar dhuine.
The plain sweeps (away) towards the north, tá an machaire ag síneadh ó thuaidh.
Doctrine that tends towards socialism, teagasc a bhfuil luí aige le sóisialachas.
To act unfairly towards s.o., éagóir a dhéanamh ar dhuine.
To be unfriendly towards s.o., bheith doicheallach roimh dhuine.
To make one's way towards a place, déanamh, tarraingt, ar áit.
He is well-disposed to, towards, me, tá dáimh aige liom.
Winging towards the south, ag eitilt ó dheas.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht