Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: thig · thin · thine · think · thong
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh thing »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
thing, s. 1 a m; rud m. Thing of beauty, ní álainn; áilleacht f. A good thing, rud maith, maitheas f. Heavenly things, nithe neamhaí. All kinds of things, gach saghas (rudaí). To go the way of all things, dul as mar is dual do gach ní. b F: What's that thing? céard é sin? c Usu.pl. Tea things, soithí mpl, gréithe fpl. To wash up the tea things, the dinner things, na soithí, na gréithe, a ní. d pl. Éadaí mpl, balcaisí fpl, ceirteacha fpl. He took off his things, bhain sé, chaith sé, de. e Trealamh m, feisteas m. To pack up one's things, do chleathainisí, do bhagaistí, a bhailiú le chéile. 2 F: Créatúr m. Poor little things! na créatúir bhochta! 3 a You take the thing too seriously, tá tú á ghlacadh chugat féin rómhór. They expect great things of the new treatment, tá súil acu le héachtaí ón leigheas nua. To be all things to all men, bheith tuilleamaíoch le gach duine. To talk of one thing and another, labhairt air seo siúd. That's the very thing, sin é díreach atá ag teastáil. He did the same thing, rinne seisean an cleas céanna. That's the thing for me, sin é an rud a oireann domsa. The thing is, the car won't start, is é mar atá an scéal nach féidir an gluaisteán a thosú. The thing is this, seo é an rud atá i gceist. He has neither one thing nor another, níl seo ná siúd aige. What with one thing and another . . ., idir gach uile shórt . . ., idir seo agus siúd . . . For one thing, it is too good to be true, ar an gcéad rud, ní minic a bhíonn an dea-scéal fíor. He makes a good thing out of it, tá sé ag baint sochair mhaith as. S.a. GOOD I. 1 (d). I don't know a thing about algebra, níl eolas dá laghad ar ailgéabar agam. There is not a thing wrong with him, níl a dhath air. F: He knows a thing or two, tá sé eolach, tá sé feasach. To put s.o. right about a thing or two, fios fátha an scéil a thabhairt do dhuine. S.a. FIRST I. I, LAST2 I. I, RIGHT1 I.2. b pl. Things are going badly, tá droch-chaoi ar na gnóthaí. Since that is how things are . . ., ós mar sin atá an scéal . . . Till things change, go hathrach saoil. F: How are things? cad é an saol atá agat? cén scéal é? 4 This is the latest thing in ties, seo carbhat den fhaisean is déanaí. 5 F: The thing (to do), an dea-bhéas m. It is not the thing, ní den dea-bhéas é. It's quite the thing, is é an faisean go cruinn é. He is not feeling quite the thing this morning, níl sé aige féin mar is ceart ar maidin.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To accommodate one thing to another, rud a chur in oiriúint do, a oiriúnú le, rud eile.
To turn, put, a thing to account, leas m, tairbhe f, buntáiste f, a bhaint as rud.
It amounts to the same thing, is ionann an cás; F: tá sé chomh fada is atá sé leathan.
The amusing thing about it is that..., an chuid is greannmhaire den scéal go...
That is (quite) another thing, sin scéal eile (ar fad); F: sin coileán de phór eile.
Rowing is one thing, sailing is another, is mór idir iomramh agus seoltóireacht.
Taking one thing with another, idir gach aon sórt.
Things are (going) all anyhow, tá an uile rud bun os cionn.
To get two things apart, dhá rud a scaradh ó chéile.
To assign a thing to a certain use, úsáid áirithe a leagan amach do rud.
It would not be a bad thing, a bad plan to..., níor mhiste ...
Things are going, turning out, badly, níl ag éirí go rómhaith leis na gnóthaí.
It would be the best thing for you, ba é do bhuaic é, ba é lár do leasa é.
To assert a thing boldly, rud a dhearbhú go móruchtúil, go teann.
Bother it! bother the thing! raingniú air! drochrath air!
To see the bright side of things, an taobh is fearr den scéal a fheiceáil.
F: Catch me (doing such a thing)! baol orm (a leithéid sin a dhéanamh).
There are certain things that . . ., tá rudaí áirithe a ...
To change one thing for another, rud a bhabhtáil ar rud eile; rud a mhalartú ar rud eile.
A close connection between two things, dlúthbhaint f idir dhá rud.
To put a false colour on things, an fhírinne a chur as a riocht; cor an fhocail a chur ar an scéal.
F: What are things coming to? céard atá i ndán dúinn chor ar bith?
To confuse one thing with another, rud a thógáil in ábhraíocht ruda eile.
All things considered, agus gach uile shórt a chur san áireamh; tríd is tríd.
Taking all things into consideration, le gach uile shórt a mheas, a mheá.
It's the correct thing, is é an nós é.
In the course of nature, in the ordinary course of things, mar a tharlaíos go hiondúil.
To let things take their course, scaoileadh le cúrsaí.
She's a dainty little thing, is deas an chleiteoigín í.
Not a damn thing, dheamhan dada.
He dared all things, níor loic sé roimh dhada.
He always looks on the dark side of things, bíonn an taobh gruama den scéal i gcónaí aige, bíonn an drochscéal i gcónaí aige.
We must let things develop, caithfimid ligean do chúrsaí teacht chun cinn.
Abs.To differentiate between two things, idirdhealú m a dhéanamh idir dhá rud.
To keep two things distinct, idirdhealú a dhéanamh idir dhá rud.
Those things are not done, F: it isn't done, ní den mhúineadh é sin.
I shall do nothing of the sort, no such thing, ní dhéanfad a leithéid.
He is letting things, himself, drift, tá sé ag ligean a mhaidí le sruth.
He takes life, things, easy, is breá bog a thagann an saol air; glacann sé an saol ar a shuaimhneas.
He takes things, life, easily, is breá bog a thagann an saol air; ní chuireann an saol aon mhairg air.
All things being equal, agus gach ní eile mar a chéile.
It is not etiquette to do that kind of thing, tá sé in aghaidh béasa a leithéid sin a dhéanamh.
F: That will even things up, socróidh sin an scéal go cothrom.
The extraordinary thing is that . . ., is é ábhar an iontais go . . .
On the face of things, de réir cosúlachta.
Owing to the fact that these things are rare, ós rud é go bhfuil na nithe seo gann.
Things that cannot fail to be seen, rudaí nach féidir gan a dtabhairt faoi deara.
Things fell out well, tharla deireadh maith ar na cúrsaí.
F: First thing, ar a luaithe, ar a thúisce.
I'll do it to-morrow first thing, déanfad ar an rud is túisce é ar maidin.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht