Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: suture · feature · fixture · fugue · vulture
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh future »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
future. 1 a. a (Of life, etc.) Todhchaí, (an saol) atá romham (romhat, etc.); (of events, prospects, etc.) (na blianta) le teacht; amach anseo; atá chugainn (chugaibh, etc.). My future home, an baile atá i ndán dom. At some future date, lá is faide anonn. Future delivery, seachadadh ar ball, amach anseo. b Gram: Future tense, an aimsir fháistineach. 2 s. a Todhchaí f. In (the) future, ar ball, amach anseo, san am atá le teacht, feasta. In the near future, gan rómhoill. b Gram: Fáistineach m. c He ruined his future, chuir sé an saol ó chrích air féin.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
What the future will bring forth, an rud a thiocfas leis an aimsir.
In the distant future, faoi cheann achair fhada.
He did not look so far into the future, níor fhéach sé chomh fada sin roimhe.
That boy will have a fine future, déanfaidh an garsún sin dul chun cinn ar fónamh fós.
What the future holds, an rud atá i ndán.
To put one's hope in the future, muinín f a chur san am atá le teacht.
In the immediate future, ar ball beag; faoi cheann achair bhig; go luath amach anseo.
In the future, feasta.
A fine future lies before him, tá saol breá roimhe.
Look to the future, breathnaigh romhat; cuimhnigh ar an saol atá romhainn.
Future perfect, fáistineach foirfe.
The future prospects of the undertaking, a bhfuil i ndán don ghnó.
To put by for the future, rud a shábháil le haghaidh an ama atá le teacht.
To read the future, léamh ar an am atá le teacht.
In a remote future, am éigin i bhfad romhainn.
To see into the future, an rud atá le teacht a léamh.
What the future holds in store for us, an rud atá romhainn, i ndán dúinn.
In the future tense, san fháistineach.
Trusting to the future, dóchasach as an am atá le teacht.
To be uncertain of, as regards, the future, bheith neamhchinnte i dtaobh an ama (atá, etc.) le teacht.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht