Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cistigh · éistigh · intigh · mistigh · aistrigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
istigh dob gan a bheith amuigh (tá na ba istigh); tar éis teacht (tá an bád, an traein, istigh); i gcumhacht nó in oifig (tá rialtas nua istigh); is faide isteach (éadach istigh, an seomra istigh); tar éis teacht nó dul isteach, faoi bhallaí, faoi chlúid; cairdiúil, sásta (bheith istigh leis an sagart; istigh leat féin); críochnaithe (tá bliain eile istigh) taobh istigh de faoi cheann, laistigh de
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
cineál de chnó istigh i dtoradh an chrainn almóinne
ón áit istigh go dtí an áit amuigh (amach as an teach); in áit atá giota uait (os mo chomhair amach); go háit atá níos faide uait (amach an sliabh; chuaigh siad siar amach; amach chun na hAstráile); le himeacht ama (uaidh seo amach); níos moille (amach sa bhliain); siar (fan amach ón tine); ar amharc (an taobh tuathail amach); os comhair an tsaoil (má théann an scéal sin amach ort); os ard (abair amach é); ar fad (is deas amach é); go deireadh (throid siad amach é)
faoin aer (amuigh sa pháirc); gan a bheith istigh nó sa bhaile (tá fear an tí amuigh); i bhfad uait (amuigh ag bun na spéire); is faide amach (an balla amuigh); as áit, as alt (tá mo ghualainn amuigh); tagtha amach (tá na bláthanna amuigh); sa domhan (an rud is measa amuigh); gan íoc, le híoc fós (tá fiacha amuigh agam air); críochnaithe (tá an cluiche amuigh); gan oibriú (tá an talamh amuigh bán)
ceann amháin (a haon); duine nó rud amháin (gach aon); cárta imeartha nach bhfuil ach marc amháin air (an t-aon muileata); ar bith (níl aon duine istigh); céanna (tá siad ar aon dath le chéile); amháin (an t-aon iníon atá acu)
leac chloiche agus cabha fúithi istigh
aon, gan aon (má tá cuidiú ar bith agat; níl duine ar bith istigh)
áit siúlóide faoi dhíon taobh istigh de mhainistir etc.
cúntóir; cara; tír atá istigh le tír eile ar mhaithe leo araon
acht, coinníoll; súil, seans (tháinig mé ar chuntar go mbeifeá istigh; ní rachainn i gcuntar leis)
iasc blasta istigh idir dhá shliogán, iascán
gléas ceoil cruinn atá folamh istigh ann agus é déanta mar a bheadh fráma agus craiceann sínte teann air agus a bhuailtear le bataí; aon ní atá ar dhéanamh druma (druma coscáin; druma ola)
thíos, laistíos de, ar leibhéal níos ísle (ná) (istigh faoin mbord; faoi uisce, faoi thalamh); ag bun, i bhfothain (suí faoi charraig, ar ancaire faoin oileán); clúdaithe le (faoi bhrat sneachta; faoina chulaith Dhomhnaigh; crann faoi bhláth); le tréithe áirithe (faoi ainm bréige; faoi ghné aráin); gabháil trí (dul faoi scrúdú, faoi obráid); (le léiriú staide) (faoi mheas, faoi smacht, faoi shíocháin, faoi adhall); (le fás, borradh) (an luas a bhí faoi; tá fuadar fút); i dtaobh le (tá an teach fúinn féin; fág faoi é); oiriúnach (ach an lá a bheith faoi dúinn); ar intinn (níl fúinn é a dhéanamh); maidir le, mar gheall ar (ag caint faoi); níos lú ná (faoi scór, díoladh faoina luach é); (mar théarma méadaithe) (faoi dhó; a sé faoi a seacht); (mar chodán) (deich bpingine faoin bpunt); timpeall, thart ar (faoi do mhuineál; amuigh faoin tuath); ar an taobh seo de (faoi mhaidin, faoi cheann bliana); ag, um (faoi láthair, faoi dheireadh); in aghaidh (bualadh faoi dhuine); ar (ola a chur faoi); (mar dob ) (an ghrian ag dul faoi)
istigh nó thíos faoi (fobhríste); de chéim nó de ghrád níos ísle (fochoiste); de thábhacht níos lú (fobhrí); corr- , ócáideach (fodhuine, forud, folá)
gan aon rud nó aon duine istigh ann (soitheach folamh, spás folamh; teach folamh); gan éifeacht (gáire folamh); in aistear (turas folamh); amú (buille folamh)
páirteanna den taobh istigh d'éan atá inite (ae, croí etc.)
cineál de mhála istigh sa chorp ina gcoinnítear an bia tar éis a ite go dtí go ndíleáitear é; fonn nó acmhainn ite (goile a bheith agat do rud; tá a ngoile acu)
an spás taobh istigh de dhoras tosaigh tí; an príomhsheomra i bpálás nó i dteach mór; seomra mór a úsáidtear ar ócáidí speisialta (halla rince); teach mór poiblí (halla baile, cathrach)
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
spás a dhealaíonn dhá rud óna chéile (idir a trí is a ceathair); istigh i measc (idir na tithe, istigh eatarthu); le chéile, i dteannta a chéile (cheannaigh siad eatarthu é; eadrainn féin an chaint seo); leath slí (idir shúgradh is dáiríre); araon, le chéile (idir chorp is anam)
lárionad an néarchórais istigh sa cheann (Oibríonn sé cosúil le malartán teileafóin, ag fáil teachtaireachtaí ó na baill chéadfacha uile (radharc, éisteacht etc.) agus ag rialú smaointe agus ghníomhartha an duine); lárionad an smaoinimh agus na mothúchán
laistigh, taobh istigh
ón áit amuigh go dtí an áit istigh; in éineacht le (chuir sé punt isteach leis); muinteartha (bheith isteach le duine; bíonn siad isteach is amach le chéile)
bígí istigh, isteach libh
taobh istigh; faoi cheann (laistigh de mhí)
sac tanaí craicinn nó rubair etc., a shíneann go héasca leis an leacht nó leis an aer atá istigh ann; sac sa chorp a choinníonn an fual
drochbheart, dochar, díobháil (lucht oilc); spíd, droch-chroí (tá an t-olc istigh aige duit); fearg (ná cuir olc orm)
seoid bheag chruinn liathbhuí a úsáidtear i muincí agus i seodra eile (Fásann an péarla istigh in oisrí áirithe); aon rud atá cosúil le péarla nó aon rud atá an-luachmhar
gunna agus bairille fada air a bhfuil eitrí bíseacha taobh istigh air chun an piléar a dhíriú níos fearr
cluiche cearrbhachais ina mbíonn liathróid bheag ag casadh taobh istigh de roth a bhíonn ag casadh ina coinne
an leath tosaigh den mhuineál faoi bhun na smige; an taobh istigh de seo mar a bhfuil an píobán agus an craos; scrogall, sceadamán
seó bóthair a mbíonn gleacaithe, fir ghrinn, aisteoirí, ainmhithe etc., páirteach ann (istigh i bpuball mór cruinn a bhíonn sé go minic); spórt, greann (bhí lá sorcais againn)
fíor ar dhéanamh an rollóra, is cuma é a bheith folamh istigh ann nó gan a bheith; soitheach ar an déanamh sin
cliathán amháin de rud (taobh bosca, carraige; ó thaobh go taobh an tí); ciumhais, bruach (le taobh na habhann, ar thaobh an bhóthair); páirt, cuid (an taobh istigh, amuigh); cliathán, slios (mo thaobh deas, sínte ar mo thaobh); treo (an taobh theas, taobh na láimhe deise); ceantar (taobh tíre); foireann, dream, cúis (an taobh a chaill an báire); sliocht (lean sé taobh a athar); muinín, iontaoibh (ná tabhair taobh le mionnaí móra)
cineál de mhála líonta le ruainneach, cadás, clúmh etc., mar chuid de leaba, agus spriongaí istigh ann nó faoi de ghnáth
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht