lose, v.tr.1aCaillim; ligim amú, ar bóiléagar (leabhar, mála, etc.). bCaillim (airgead, ceart, etc.). I lost a thousand pounds, chaill mé míle punt. He stands to lose nothing by it, (i) níl aon ní le cailleadh aige leis; (ii) níl aon bhaol air bheith thíos leis. The incident did not lose in the telling, murar cuireadh leis an scéal ní baol gur baineadh uaidh. The story has lost in interest, ní hábhar suime an scéal níos mó. The house lost in value, d'ísligh ar luach an tí. Rac: etc: To lose (ground) on a competitor, titim siar ó iomaitheoir. cHe has lost an arm, tá leathlámh caillte aige. He lost his voice, theip an guth air. He lost his reason, chuaigh dá mheabhair; scar a chiall leis. He lost his character, milleadh a chlú; chuaigh droch-cháil air. He lost interest in his work, níor fhan aon suim aige ina chuid oibre. The patient is losing strength, tá an fear breoite ag dul i laige, in ísle brí. He lost weight, d'éadromaigh sé. To lose colour, an dath a thréigean. dI lost my father, cailleadh m'athair. (Of doctor) He lost a patient, cailleadh othar air. He was lost at sea, bádh é (sa mhuir mhór). The ship was lost at sea, chuaigh an long go tóin poill. Abs.Both armies lost heavily, bhí caill mhór ar an dá shlua. 2To lose one's way, to lose oneself, to get lost, dul amú, ar seachrán, ar strae. To lose oneself, to be lost, in the crowd, dul amú sa slua; dul as radharc i measc an tslua. Lost in amazement, sioctha le barr alltachta. I lost sight of him, (i) chuaigh sé ó radharc orm; (ii) ní bhfuaireas tásc ná tuairisc air (uaidh sin amach). 3Cuirim (mo chuid aimsire) amú; tá (mo dhua) in aisce agam; diomlaím (mo chuid aimsire). There was no time to lose, níor thráth faillí é. The joke was lost on him, níor aithnigh sé an greann. Advice is lost on him, saothar in aisce a bheith ag iarraidh comhairle a chur air. 4Clock that loses five minutes a day, clog a chailleann cúig nóiméad sa lá. 5aCaillim (traein, etc.); imíonn (traein, etc.) orm. bI lost some of his answer, bhí roinnt dá fhreagra nár thugas liom. 6Caillim (cúis dlí, cluiche), téann (cúis dlí) i mo choinne; cuirtear (cluiche) orm. He lost the case, teilgeadh, caitheadh, é; chaill sé an chúis. (In debate) The motion was lost, theip ar, buadh ar, an tairiscint. 7That mistake lost him the match, his job, chaill sé an cluiche, a phost, de bharr an dearmaid sin.