Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: tan · thane · thank · thar · that
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh than »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
than, 1 conj. a . I have more, less, than you, is mó, is lú, atá agamsa ná agatsa. More than twenty, breis agus fiche. More than once, níos mó ná aon uair amháin. You had better speak to him than write, is fearr dhuit labhairt leis ná scríobh chuige. No sooner had we entered than the music began, níor thúisce istigh sinn ná thosaigh an ceol. b Ach, seachas. She would do anything rather than let him go, dhéanfadh sí rud ar bith ach ligean dó imeacht. Any person other than himself, duine ar bith ach, seachas, é féin. There were persons other than you there, bhí daoine tharatsa ann. 2 quasi-prep.A man than whom no one was more respected, fear nach raibh aon duine ba mhó a raibh meas air ná é.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
No longer ago than last week I saw him, níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é.
He will do it better than any man alive, níl aon fhear beo a dhéanfas é chomh maith leis.
Is there anything more pleasant than...? cá bhfuil an rud is aoibhne ná...?
F: He got more than he bargained for, fuair sé rud nach ndearna sé margadh air.
F: His bark is worse than his bite, is troime a bhagairt ná a bhuille.
(With comparative or superlative) He is better than John, is fearr é ná Seán, tá sé níos fearr ná Seán.
Better bend than break, is fearr lúbadh ná briseadh.
This one is better than that one, is fearr an ceann seo, tá an ceann seo níos fearr, ná an ceann sin.
He is a better man than you, is fearr d'fhear é ná thusa.
He is far better than John, níl aon ghoir ag Seán air.
To go one better than s.o., duine a shárú.
It is better to go away than stay, is fearr imeacht ná fanacht.
I know that better than you, is fearr a fhios sin agamsa ná agatsa.
Don't bite off more than you can chew, ná leath do bhrat ach mar is féidir leat a chumhdach.
Blood is thicker than water, is fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas.
Salt water is more buoyant than fresh, is fearr ón sáile rud a choinneáil ar snámh ná ón bhfíoruisce.
It is considerably more important than..., is tábhachtaí go mór é ná . . .
He is a great deal wiser than you, tá i bhfad (Éireann) níos mó céille aige ná mar atá agatsa.
He writes better than I do, is fearr a scríobhann sé ná mar a scríobhaimse.
Easier said than done, is fusa a rá ná a dhéanamh.
He eats little else than bread, is beag eile a itheann sé ach arán.
He has more than enough, tá a dhá dhóthain, a dhóthain mhór, aige.
It started to rain, faster than ever, tháinig an bháisteach níos tréine ná riamh.
He has fewer debts (than you), is lú na fiacha atá air (ná mar atá ortsa).
It is more than flesh and blood can stand, scrúdfadh sé croí an duine.
Pound for pound I am richer than he, punt ar phunt is saibhre mise ná é.
Go the road (rather than the fields), gabh an bóthar (agus ná bac leis na goirt).
To go one better than s.o., an barr a bhaint de dhuine
He drank more than was good for him, d'ól sé braon thar an gceart.
F: More than half (of) the time, dhá thrian an ama.
It will do more harm than good, is mó an t-olc ná an mhaith a dhéanfas sé.
He is taller than I by a head, tá an cloigeann aige orm.
Two heads are better than one, is fearr dhá chloigeann ná ceann.
Don't delay any longer than you can help, ná déan moill ach chomh beag agus is féidir.
I am higher than him by an inch, tá orlach agam air.
He got more kicks than ha'pence, ba mhó a fuair sé de mhasla ná de charthanacht.
He knows more than he says, tá níos mó eolais aige ná a ligeas sé air féin.
He knew better than to . . ., thug sé dá aire nach . . .
I know better (than that), (i) is eol dom a athrach sin; (ii) ní heagal dom! baol orm!
He knows better than to do it, ní heagal dó a dhéanamh.
Better late than never, is fearr go mall ná go brách; is fearr déanaí ná ródhéanaí.
As late as yesterday, no later than yesterday, an lá inné féin.
Something of less value, importance (than. . .), rud is lú luach, tábhacht (ná . . .).
My business is of less urgency than his, is lú práinn mo ghnósa ná a ghnósin.
Quantities, sums, less than a certain amount, suimeanna is lú ná oiread áirithe, faoi bhun oiread áirithe.
In less than an hour, faoi bhun uair a chloig.
It is less bright (than. . .), is lú solas é (ná . . .); níl sé chomh geal (le . . .).
I had less than six, bhí níos lú ná, faoi bhun, sé cinn agam; ní raibh na sé cinn agam.
(i) It is nothing less than monstrous, níl sé ar aon chuma eile ach go huafásach.
(ii) He resembles nothing less than a poet, níl aon phioc de dhealramh an fhile air; le file is lú is dealraitheach é.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht