TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
coat 1 , s . 1 a (Short) Casóg m , seaicéad m ; (long) cóta m . Dress coat , seaicéad m sciortaí , casóg f eireabaill . (Over)coat, (top-)coat, cóta mór . Archeol : Coat of mail , culaith mháilleach ; lúireach f (pláta) . b It is not the coat that makes the man , ní hé an t-éadach an duine . Cut your coat according to your cloth , fuin de réir na mine . c Coat and skirt , casóg agus sciorta . F : He turned his coat , d'athraigh sé ; thréig sé a pháirtí . d Coat of arms , (i) armas m ; (ii) éide f armais . 2 a Fionnadh m (capaill , madra) . b Coat of snow , brat m sneachta . 3 a Brat m , cóta m (péint , tarra) . Ground coat , an chéad bhrat . Final coat , an brat deireanach . b Anat : Cóta (an bhoilg, na hinchinne) .
coat 2 , v .tr . Cuirim brat (péint, tarra, etc.) ar . El .E : To coat a cable , cábla m a chlúdach (with , le ) .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F : He forgot to admire her coat , níor chuimhnigh sé a rá gur thaitnigh a cóta leis .
I am wearing a coat because it is cold , tá cóta orm mar tá , mar go bhfuil , sé fuar .
The black-coated workers , lucht na n-oifigí .
Button (up) your coat , dún (cnaipí) do chóta .
Claw-hammer coat , cóta m eireabaill .
Cut your coat according to your cloth , ná leath do bhrat ach mar a fhéadfair é a chonlacht .
Coated tongue , teanga faoi choirt .
F : To dust s.o.'s jacket, s.o.'s coat , broicneáil f a thabhairt do dhuine .
Make my coat an easy fit , déan mo chóta breá fairsing dom .
Coat faced with silk , cóta agus fásáil shíoda air .
Your coat is a perfect fit , tá do thomhas go beacht sa chóta, tá do dhíol go díreach i do chóta .
The coat fits well in the shoulders , tá an chasóg crochta go deas as na guaillí .
A coat cut from a single piece of cloth , casóg a gearradh as an aon leithead amháin éadaigh .
Fur coat , cóta m fionnaidh .
The coat suits me down to the ground , shilfeá gur dom féin a rinneadh an chasóg .
(Coat-)hanger , crochadán m .
Harlequin coat , cóta ildaite .
This coat lasted me two years , bhain mé dhá bhliain as an gcóta seo .
When can you let me have my coat? cathain a bheidh mo chasóg (ullamh) agat dom?
To marshal two coats of arms in one shield , dhá armas a chur le chéile ar aon sciath .
Moleskin coat , cóta de chraiceann caocháin .
His coat has lost its nap , tá a chóta barrchaite .
To take off one's coat , do chóta a bhaint díot .
On with your coat! gread ort do chóta!
With a coat over her shoulders , agus cóta aniar thar a guaillí aici .
Coat of paint , brat m péinte .
Art-paper, coated paper , páipéar ealaíne .
I shall not require a coat , ní iarrfaidh mé aon chóta ; ní theastóidh cóta ar bith uaim .
To rip out the lining of a coat , líneáil cóta a bhaint amach .
To shape a coat to a figure , cóta a chur le cabhail .
Shaping (of a coat) to figure , cur (cóta) le cabhail .
Your coat is short in the arms , tá do chóta róghairid sna muinchillí .
Skimped coat , cóta giortach, sciota .
The rain has soaked through my coat , tá an bháisteach imithe isteach trí mo chóta ,
Swallow-tail (coat) , casóg f eireabaill .
pl .Tails of a coat, coat-tails , eireaball m , sciortaí mpl , casóige .
Coat in tatters , giobal m , liobar m , de chóta .
F : He is trailing his coat , tá sé ag iarraidh troda ; níl ar bun aige ach iarraim cúis .
Attrib. Velvet coat , cóta m veilbhit .
He wore his coat threadbare , chaith sé an cóta go raibh sé scáinte .
The nap has worn off the coat , tá an cóta réchaite .