Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: alack · back · blank · block · clack
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh black »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
black1 . I a. Dubh. 1 a Black coat, cóta dubh. Black spot (on furniture, etc.), ball salach. The night was as black as pitch, bhí an oíche chomh dorcha le poll. As black as ebony, chomh dubh le préachán, le hairne. Very black, ciardhubh. S.a. PITCH-BLACK. To be black in the face, bheith gorm san aghaidh. He looks black, tá dreach urchóideach air. He looked as black as thunder, tháinig néal crochadóra air. I'll beat him black and blue, fágfaidh mé dath bhonn mo bhróg air, buailfidh mé droma daraí air. Black eye, súil dhubh. F: To give s.o. a black eye, a mhala a fhágáil ar an tsúil ag duine. S.a. EYE1 1 Hist: The Black Death, an Galar Dubh. S.a. LIST2 . Geog: The Black Sea, An Mhuir Dhubh. S.a. COAL-BLACK, CURRANT, JACK III 3, JET-BLACK, MARIA, RUST1 2, SHEEP. b The black races, na fir ghorma; na treibheanna dubha. c His hands were black, bhí a lámha salach. 2 Black despair, an dubhéadóchas. Black tidings, scéala brónach. Black ingratitude, diomuíochas danartha. He is not as black as he is painted, níl sé chomh dona lena thuairisc. The black market, an margadh dubh. Black marketeer, margóir m dubh. S.a. ART2. II   black, s. 1 Dubh m. Ivory black, dubh m an eabhair. Bone black, dubh m cnámh. Lamp black, dubh súiche. 2 a She always wears black, éadach dubh a bhíos i gcónaí uirthi. b To work in black and white, dathadóireacht a dhéanamh le dúch, i ndubh is i ngeal. Black-and-white artist, ealaíontóir dúigh. To set sth. down in black and white, rud a chur i scríbhinn. 3 (Pers.) Gormán m.
black2, v.tr. 1 Dubhaím. To black boots, smearadh dubh a chur ar bhróga. F: To black s.o.'s eye, súil dhubh a fhágáil ag duine. 2 To black sth. out, rud a scrios amach (le marc dubh). To black out, an solas a ghearradh.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
She was (dressed) all in black, bhí éadach dubh ó bhonn go baithis uirthi.
The black art, an ealaín dhubh.
Black-bearded man, fear féasóige duibhe.
I beat him black and blue, d'fhág mé dath na ndaol air.
The black-coated workers, lucht na n-oifigí.
To black list s.o., duine a chur, sa leabhar dubh, ar an liosta dubh. S.a. LIST2.
To black-list a book, leabhar a chrosadh.
Black border, (on letter paper) imeall dubh.
Black bryony, uranach dhubh, crotharnach f.
Black-heart cherry, silín dubh.
Red-, black-, currant, cuirín dearg, dubh.
Black draught, purgóid f.
I gave him a black eye, d'fhág mé súil dhubh aige.
Black-eyed, dúshúileach.
Black flag, bratach dhubh (foghlaí mara).
Black fly, cuil dhubh.
Eyes fringed with black lashes, súile faoi fhabhraí dubha.
Black frost, dúreo m.
The old gentleman (in black), an seanbhuachaill, an fear dubh.
He went black in the face, dhubhaigh agus ghormaigh air.
Black grouse, liathchearc f; coileach dubh.
Great black-headed gull, droimneach mór.
Lesser black-headed gull, droimneach beag, sléibhín m.
Black-haired, dubh.
A black-handled knife, scian coise duibhe.
Black-headed, dubh; dúfholtach.
Black ivory, na sclábhaithe dubha.
The black ivory trade, trádáil sclábhaithe dubha.
Black jack, smachtín m, tuairgín m.
Black japan, vearnais dhubh.
F: Person on the black list, duine atá ar na leabhair.
Things are looking bad, black, nasty, ugly, tá droch-chuma, níl aon dealramh fónta, ar an scéal.
F: Black Maria, carr an phríosúin.
Black market, margadh dubh.
Black medick, dúmheidic f.
Black monk, manach dubh.
The black hat costs more than the green one, is daoire an hata dubh ná an hata glas.
Black nightshade, lus m na hoíche.
Black-plumed, faoi chleití dubha.
A case of the pot calling the kettle black, an óinseach ag aoir ar an amadán.
Black pudding, putóg dhubh.
Black costume without relief, culaith dhubh ó bhaithis go bonn.
Black dress relieved with white lace, gúna dubh agus lása bán mar mhaolú air.
Black rust, dúchan f -a.
F: The black sheep (of the family), an cuilthín.
She wore a black silk, bhí éadach den síoda dubh uirthi.
Black with red stripes, dubh agus stríoca dearga ann.
Orn: (Black) swift, gabhlán m gaoithe.
Black and tan dog, madra dúchrón.
To wear black, éadach dubh a chaitheamh.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht