TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
coming 1 , a . 1 The coming year , an bhliain seo chugainn, seo amach romhainn . The coming storm , an stoirm atá sé a tholgadh . The coming generations , sliocht ár sleachta ; na glúine a thiocfas inár ndiaidh . A coming man , fear a bhfuil gealladh faoi . 2 A . & Lit : Fáilteach, suáilceach .
coming 2 , s . Teacht m -a , titim f (na hoíche , etc .). Comings and goings , teacht agus imeacht .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Coming of age , teacht in aois (fir, mná) .
Winter is coming on apace , tá an geimhreadh sa mhullach orainn .
He was coming towards us, and his wife was following behind , bhí sé ag déanamh orm , agus a bhean ina dhiaidh aniar .
The coming into being of a new industry , bunú tionscail nua .
F : What are things coming to? céard atá i ndán dúinn chor ar bith?
It's all coming back to me , tá sé ag teacht ar ais chun mo chuimhne arís .
Prices are coming down , tá na luachanna ag titim .
There is a smell coming off it , tá boladh air .
Winter is coming on , tá an geimhreadh ag teannadh linn .
The water, the rain, is coming through , tá sé ag ligean isteach ; (of roof) tá báisteach anuas ann .
Coming downwards , ag teacht anuas .
F : He is coming a day after the fair , is é lá i ndiaidh an mhargaidh aige é .
My health forbids my coming , ní ligeann mo shláinte dhom teacht .
He is coming on Friday , tiocfaidh sé Dé hAoine .
Goings and comings , teacht m agus imeacht m .
As he was coming , agus é ag teacht .
Coming homewards , ag teacht abhaile ; (from abroad) ag teacht anall .
He insists on your coming , ní shásóidh dada é ach tú a theacht .
I am just coming , seo chugat mé .
They are a long time, a long while (in) coming , is fada gan teacht iad .
Do you mind coming? an miste leat teacht?
He is coming into notice , táthar ag cur sonraithe ann .
On-coming tide , an líonadh .
On-coming shift , foireann isteach .
He is reputed to be coming , tá sé in ainm agus a bheith ag teacht .
He is coming right enough , tá sé ag teacht gan amhras ar bith .
I saw him coming , chonaic mé ag teacht é .
Coming events cast their shadows before , bíonn an chomhchosúlacht ann .
When she was coming , agus í ag teacht .
There is no sign of his coming , níl iomrá ar bith ar a theacht .
So you are not coming? agus níl tú ag teacht más ea?
He is coming on Sunday , tiocfaidh sé Dé Domhnaigh .
As they were coming , agus iad ag teacht .
He is coming on Thursday , tiocfaidh sé Déardaoin .
I am coming in a tick , bead chugat i gceann nóiméid .
He came, he is coming, on Tuesday , tháinig sé, tiocfaidh sé, Dé Máirt .
He is coming on Wednesday , tiocfaidh sé Dé Céadaoin .