Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: come in · come down · come off · come out · come to
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh come on » agus come-on »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
come on, v.i. a Tagaim, téim ar aghaidh. Come on, let's have a game! seoigí, bíodh cluiche againn. Come on! (i) seo chuige! ar aghaidh linn! (ii) siúl uait, fág seo! téanam ort! (iii) P: (as a challenge) bí aige! féach leis! b (Of plants, children, etc.) Tagann chun cinn go maith, feabhsaíonn, déanann forás. c (Of illness, etc.) Tagann. Winter is coming on, tá an geimhreadh ag teannadh linn. (Of night) Titeann. When the wind comes on to blow, nuair thosaíos an ghaoth ag neartú. d (Of question) It came on (for discussion), cuireadh faoi dhíospóireacht é; tarraingíodh anuas é. (Of lawsuit) To come on for trial, bheith á thriail. The case comes on to-morrow, amárach a bheas an chúis á plé. e Th: (Of actor) Tagaim amach ar an stáitse.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To come on alternate days, teacht gach dara, gach re, lá.
Winter is coming on apace, tá an geimhreadh sa mhullach orainn.
I come on behalf of Mr. X, óna leithéid seo a tháinig mé.
The colour came off on my dress, ghreamaigh an dath do mo ghúna.
Ind: To come out (on strike), dul (amach) ar stailc.
He came dead on time, tháinig sé ag an am ceart go díreach.
To come, go, on deck, dul ar deic (loinge).
Don't forget to come on Tuesday, ná déan dearmad teacht Dé Máirt.
He is coming on Friday, tiocfaidh sé Dé hAoine.
He insists on your coming, ní shásóidh dada é ach tú a theacht.
He came home on leave, tháinig sé abhaile ar cead.
(Of thg.) To be on the market, to come into the market, bheith á dhíol ar an margadh.
He came on foot, tháinig sé de shiúl a chos.
On-coming tide, an líonadh.
On-coming shift, foireann isteach.
He will come on Saturday, tiocfaidh sé Dé Sathairn.
He came down on his seat, thit sé ar a thóin.
To come on the stage, teacht ar an ardán.
He came out of the business without a stain on his character, tháinig sé slán gan béim ar a chlú.
To go, to come out, on strike, dul ar stailc; stailc a chur suas.
He is coming on Sunday, tiocfaidh sé Dé Domhnaigh.
He is coming on Thursday, tiocfaidh sé Déardaoin.
He came down on (the points of) his toes, tháinig sé anuas ar a bharraicíní.
He came out on top, rug sé an chraobh leis.
He came, he is coming, on Tuesday, tháinig sé, tiocfaidh sé, Dé Máirt.
He is coming on Wednesday, tiocfaidh sé Dé Céadaoin.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht