early. Ia.1Luath, moch (ar maidin). aThe early cock, an coileach maidine. In the early morning, le moch na maidine, ar maidin go moch. In the early evening, ardtráthnóna. We had an early dinner, bhí dinnéar luath againn. He was an early riser, an early bird, mochóir maith ab ea é. S.a. BIRD 1. To keep early hours, luí leis an uan agus éirí leis an éan. In early spring, i dtosach an earraigh. During the earlier months of the year, i gcaitheamh míonna tosaigh na bliana. Com: Early closing day, an leathlá. It is early days yet to make up one's mind, tá sé pas luath fós ag duine a aigne a dhéanamh suas. bEarly ages, tosach m aimsire. From the earliest times, ó thosach aimsire; ó thús an tsaoil. The earliest inhabitants, an bunadh tosaigh. The early church, an eaglais i dtús a ré. In early days, (i) anallód, i dtosach; (ii) sa seanreacht. (Of past time) At an early date, fadó riamh; go luath. Cp. 3.In his earliest youth, i bhfíorthús a óige. Early age, aois bheag; aois linbh. At an early age, in aois linbh, go hóg; go luath (ina shaol). My earliest recollection, an chuimhne is faide siar i mo cheann; mo sheanchuimhne. 2Roimh am; roimh shéasúr. He met an early death, fuair sé bás go hóg; ba ghearr a mhair sé. Early vegetables, glasraí luatha. 3Go gairid; gan mhoill. At an early date, lá éigin go gairid. Cp. 1 (b). At an earlier date, lá éigin roimhe sin. At the earliest possible moment, an dá luaithe is féidir é. S.a. CONVENIENCE I. II►early, adv.1aGo luath; go moch, go doth (ar maidin). He arrived five minutes too early, tháinig sé cúig nóiméad róluath. Early in the morning, go moch ar maidin. Very early in the morning, go dea-mhoch ar maidin; ar béal maidine; sa deargmhaidin. It was early in the day, bhí sé luath sa lá. Early in the evening, go hard sa tráthnóna. It is early in the night yet, tá sé óg san oíche fós. To rise early, éirí go moch. Early enough, luath go leor. Early in winter, i dtosach an gheimhridh. Early in the year, i dtosach na bliana; go luath sa bhliain. Early in his life, go luath ina shaol. As early as the tenth century, chomh fada siar leis an deichiú haois. As early as possible, chomh luath agus is féidir. bTo die early, bás a fháil go hóg, roimh aois. 2Early in the list, sa chuid tosaigh den liosta, go hard sa liosta.