TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
bird , s . 1 Éan m . Hen bird , cearc f . Cock bird , coileach m . Song-bird , éan ceoil . A little bird told me so , chuala mé ag dul tharam é . To give s.o. the bird , (i) an bóthar a thabhairt do dhuine ; (ii) Th : etc . feadaíl f , siosarnach f , a dhéanamh le duine ; feadaíl i dtóin (aisteoirí) . Prov : The early bird catches the worm , is é an ceannaí moch a dhéanann an margadh . A bird in the hand is worth two in the bush , is fearr breac sa láimh ná bradán sa linn . Birds of a feather , bráithre mpl aon cheirde . S.a. KILL2 1. 2 P : Ógánach m ; boc m , breac m . Who's that old bird ? cén seanchróinín é sin?
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Orn : Cardinal (-bird) , éan cairdinéalach .
It changed into a bird , rinne éan de ; rinneadh éan de .
To clip the wings of a bird , na sciatháin a bhearradh, a chiorrú, ag éan .
F : A downy bird , gleacaí m , duine beartach .
He was an early riser, an early bird , mochóir maith ab ea é .
Fine feathers make fine birds , eochair uaisle éadach .
They are birds of a feather , is mar a chéile iad .
Birds of a feather flock together , aithníonn ciaróg ciaróg eile .
The birds are feathering (out) , tá cluimhreach á chur ag na héin .
A featherless bird , scalltán m .
A bird that fluffs up its feathers , éan a thógann a chleití, a chluimhreach .
He found the birds flown , ní raibh roimhe ach an easair fholamh .
To set a bird free , éan a scaoileadh amach .
Don't frighten away the birds , ná scanraigh na héin .
This bird differs from the others , tá an t-éan seo difriúil leis an gcuid eile .
Gaol-birds , scríobadh na bpríosún .
The bird got out of its cage , d'éalaigh an t-éan as an gcás .
To kill two birds with one stone , an dá chúram a dhéanamh in éineacht .
Animal, vegetable, bird, life , an t-ainmhí, an planda, an t-éan .
To lime birds , éin a cheapadh le glae glas .
Bird lore , seanchas m na n-éan .
A migratory bird , éan m imirce .
Bird of ill omen , éan mí-áidh .
Bird of paradise , éan parthais
Bird of passage , éan eachtrainn .
Birds of prey , éin chreiche .
To shoot a bird on the rise , éan a chaitheamh ag éirí dó .
The bird ruffles (up) its feathers , cuireann an t-éan colg air féin .
To scare away the birds , na héin a scanrú chun siúil .
To shoot a bird , éan a chaitheamh, a chur anuas .
Bird shot, dust shot , grán mín .
To take a (flying) shot at a bird , scaoileadh le héan (agus é ar eitleog) .
To shy stones at birds , éin a chrústáil .
To shoot a bird sitting , éan luite a chaitheamh .
To throw stones at a bird , éan a chrústáil .
Unfledged bird , scalltán m .
Bird-watcher , fear m faire éan .
He's a wily old bird , cílí ceart é .
To shoot a bird on the wing , éan a chaitheamh agus é ar eitleog .