Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: chancel · chancer · chancy · change · cancel
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh chance »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
chance1, s. 1 a Seansm(g. id.), taisme m cinniúint f -úna. A game of chance, cluiche m áidh. By (mere) chance, de thaisme, le barr áidh. Shall we see you there by any chance? seans ar bith go bhfeicfidh muid ansin thú? Chance so ordained it that . . ., ba é an chinniúint é go . . . To leave everything to chance, gach uile shórt a fhágáil faoin gcinniúint. The chances are against me, níl agam ach caolseans. The chances are that . . ., gach uile sheans go . . . Off chance, caolseans. He did it on the off chance, chuaigh sé i muinín an chaolseans. I did it on chance, rinne mé ar mo sheans é. b He submitted to the chance of war, chuaigh sé i bhfiontar an chogaidh. He was looking, having an eye, to the main chance, bhí sé ag coinneáil súil ar a leas. 2 Deis f, faill f. Now's your chance! anois atá an deis agat! He has a good chance of doing it, tá an-deis aige é a dhéanamh. He stands a chance, tá seans maith aige; tá seans maith go n-éireoidh leis. He hasn't the ghost of a chance of succeeding, níl seans dá laghad aige éirí leis. He has even chances, tá seans cothrom aige. To give s.o. a chance, (i) triail a bhaint as duine; (ii) F: seans a thabhairt do dhuine. He took his chance, (i) chuaigh sé sa seans; (ii) thapaigh sé a dheis. 3 Contúirt f, fiontar m, guais f, priacal m. To take a chance, dul san fhiontar. To take a long chance, dul i nguais mhór. 4 Attrib. Cinniúnach, teagmhasach. A chance acquaintance, fear aithne cosáin. Chance comer, duine a thagas gan choinne.
chance2 . 1 v.i. a To chance to do sth., rud a dhéanamh le seans. If I chance to find it, más dán go bhfaighidh mé é; má tharlaíonn sé go bhfaighidh mé é. b To chance upon s.o., upon sth., teacht trasna ar dhuine, ar rud, de thaisme. 2 v.tr. Seansálaim, téim sa seans le. I'll chance it, rachaidh mé i ngeall air; féachfaidh mé leis.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is believed to have a chance, meastar go bhfuil seans aige.
Chance brought us together, de thaisme a casadh ar a chéile sinn.
By chance, de thaisme.
He hasn't a dog's chance of it, tá sé chomh maith dhó sneachta a chaitheamh ar a lorg.
He has a fair chance of success, tá seans measartha maith aige go n-éireoidh leis.
There is just a fighting chance for his recovery, níl ach caolseans go dtiocfaidh sé as.
Game of skill, of chance, cluiche clisteachta, áidh.
He hasn't a ghost of a chance, níl seans faoin spéir aige.
You must not let this chance go by, ní cóir dhuit an fhaill seo a scaoileadh uait.
It's mere chance, níl ann ach seans.
By mere chance, le barr áidh.
He did not neglect the chance, mór leis ab fhaillí é.
F: It was an outside chance, ní raibh ann ach caolseans.
Without the remotest chance, gan seans dá laghad.
Second-chance education, oideachas athdheise.
Slender chance, caolseans m.
You have a sporting chance, tá sé ar dhíslí agat.
He threw away the chance, lig sé an fhaill uaidh.
Chance had thrown us together, de thaisme a bhíomar i gcuideachta a chéile.
To trust to chance, to luck, dul i muinín an áidh, dul sa seans.
To waste a chance, faill a ligean tharat.
What a chance! a leithéid de sheans! cén seans é!
He has no chance whatever, níl seans ar bith aige.
Has he any chance whatever? bhfuil seans ar bith, aon seans in aon chor, aige?
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht