Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cordage · corkage · encourage · outrage · scourge
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh courage »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
courage, s. Misneach m, calmacht f, crógacht f. He has the courage of his convictions, tá de mhisneach aige beart a dhéanamh de réir a thuairimí. To take, pluck up, muster up, courage, misneach a mhúscailt. He had not the courage to do it, ní bhfuair sé óna mhisneach é a dhéanamh; ní raibh sé de mhisneach aige é a dhéanamh. S.a. DUTCH.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To keep courage alive, misneach a chothú.
His awakening courage, an misneach a bhí ag múscailt ann.
To breathe courage into s.o., misneach a chur i nduine.
Display of courage, cruthú m ar chrógacht.
F: Dutch courage, misneach m óil.
To find courage to do sth., é a bheith de mhisneach agat rud a dhéanamh.
Courage fortified against dangers, misneach a neartaíodh in aghaidh an bhaoil.
To put fresh courage into s.o., breis misnigh a thabhairt do dhuine, an misneach a mhúscailt i nduine.
God give me courage! go dtuga Dia misneach dom!
He hasn't a ha'p'orth of courage, níl croí circe aige.
If her courage fails, má theipeann an misneach aici.
If his courage fails, má theipeann an misneach aige.
That implies courage on his part, is ionann sin is go bhfuil misneach aige.
To infuse courage into s.o., misneach a chur i nduine.
Keep up your courage! bíodh uchtach agat!
He is lacking in courage, níl an misneach ann.
Moral courage, neart m aigne.
If my courage fails, má theipeann an misneach agam.
There needs great courage in order to . . ., ní foláir, ní mór, misneach mór chun...
F: His courage is oozing away, tá a mhisneach ag trá.
If our courage fails, má theipeann an misneach againn.
To pluck up one's courage, do mhisneach a ghlacadh.
Courage plus sense, ciall agus misneach chomh maith le chéile.
To have a reputation for courage, cáil an mhisnigh a bheith ort.
To revive s.o.'s courage, misneach a chur ar ais i nduine.
Screw up your courage, cruinnigh do mhisneach.
It speaks well for your courage, is maith an comhartha misnigh ort é.
Staunch courage, misneach daingean.
Such courage, a leithéid de mhisneach.
To summon up your courage, do mhisneach a chruinniú, a mhúscailt.
Supreme courage, ardintinneach m.
To make trial of s.o.'s courage, féachaint a chur ar mhisneach duine; misneach duine a thriail.
Courage verging on foolhardiness, misneach nach fada ó mheargántacht.
He yields to nobody in courage, níl a shárú le fáil ar mhisneach.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht