Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: kneed · nead · needs · needy · weed
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh need »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
need1, s. 1 a Riachtanas m, m. If need(s) be, in case of need, má bhíonn sé riachtanach; más gá. There is no need to worry, níl call ar bith le himní; níl ábhar ar bith imní ann. What need is there to send for him? cad is gá fios a chur air? No need to say that, níl aon chall é sin a rá! He has need to hurry, ní mór dó deifir a dhéanamh. b Call m, díth f. To have need, stand in need, be in need, of sth., a bheith i ngátar ruda; rud a bheith de dhíth ort. He stands in urgent need of it, tá sé ag teastáil go géar uaidh. Premises badly in need of repairs, teach a bhfuil dianghá le deisiú aige, a bhfuil bail de dhíth go dóite air. I have no need of your assistance, níl gnó ar bith le do chuidiú agam. 2 Anás m, angar m, gátar m. In times of need, lá an cháis. My need is great, tá mé in an-ghátar. To be in need, bheith ar an anás, san angar. 3 pl. Riachtanais mpl. My needs are few, is beag é mo riar, mo shásamh. To supply the needs of s.o., riar ar dhuine; díol a fhreastail, riar a cháis, a thabhairt do dhuine.
need2 . 1 v.tr. a (Of pers.) Teastaíonn (rud) ó (dhuine); tá gá ag (duine) le (rud). He needs care, tá aire de dhíobháil air, theastódh aire uaidh. I need money badly, táim i gcruachás cheal airgid. Take what you need, tabhair leat a bhfuil uait. This will need some explanation, caithfear an scéal seo a mhíniú. Work that needs great care, obair a éilíonn cúram mór. What he needs is a good thrashing, séard a d'oirfeadh dó léasadh maith. That needs no saying, is fíor sin dá mbeinn i mo thost. He needs a lot of asking, ní mór a bheith ag tuineadh leis. A much needed lesson, ceacht a bhí de dhíth go crua, a raibh géarghá leis. b I need to do it, caithfead, tá orm, a dhéanamh. They need to be told everything, caitear, ní mór, an uile rud, a insint dóibh. Do you need to work? an mbíonn ort a bheith ag obair? My readers will not need to be reminded that . . ., níl feidhm, ní gá (dom) a chur i gcuimhne don lucht léite go . . . You only needed to ask, ní raibh le déanamh agat ach a iarraidh, ach ceist a chur. 2 Modal aux.Need he go? an gcaithfidh sé dul, imeacht? He needn't go, need he? níl sé d'iallach air imeacht, an bhfuil? You needn't say any more, tá do dhóthain ráite; ná habair níos mó. I need hardly tell you . . ., ní gá dom a rá leat. . . Why need he bother us? cad ab áil leis ag cur isteach orainn? 3 Impers.It needed the horrors of war to open our eyes, níor mhór uafás an chogaidh chun ár súile a oscailt. There needs great courage in order to . . ., ní foláir, ní mór, misneach mór chun...
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The committee needs new blood, teastaíonn daoine óga ón gcoiste.
Clamant need for sth., géarghá m le rud.
He needs an abundant diet, ní mór flúirse bia dó.
A friend in need is a friend indeed, aithnítear cara i gcruatan, cara na cruóige; in am na cruóige a bhraitear an chabhair.
I need hardly say . . ., ní gá dom a rá . . .
In the hour of need, in am riachtanais; le linn géibhinn.
To have enough for one's material needs, riar do cháis a bheith agat.
He has enough to meet his needs, tá riar a cháis aige.
We need hardly mention that..., tá a fhios ag an saol go . . .
To minister to s.o., to s.o.'s needs, fóirithint, friotháil, ar dhuine ina cheasnaí.
(Used only with 'must') I must needs obey, I needs must obey, níl an dara rogha, níl dul as, agam ach bheith umhal.
There is no train, so we must needs walk, níl traein ar bith le fáil, mar sin de, níl leigheas air ach é a shiúl.
If needs must, mura bhfuil aon dul as.
Needs must when the devil drives, níl dlí ar an riachtanas; nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith.
He did not need much pressing, ní raibh uaidh ach an deis, ach gaoth an fhocail.
I need it sadly, tá sé de dhíth go géar orm.
See that he has all he needs, féach chuige go mbeidh gach a bhfuil uaidh aige.
Scythe that needs sharpening, speal a bhfuil faobhar de dhíth uirthi.
To be in sore need of sth., rud a bheith ag teastáil, de dhíth, go géar ort.
To stand in need of sth., rud a bheith de dhíth ort, bheith i ngátar ruda.
To supply s.o.'s needs, riar a cháis a choinneáil le duine.
Urgent need, cruóg f, dianghá m.
Prov: Good wine needs no bush, an bhean a bhíos dóighiúil is furasta a cóiriú.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht