for1, prep.I1a(i) (Representing) One of the members for Kerry, duine de theachtaí Chiarraí. Tp: A for Andrew, A, Aindrias. (ii) (Instead of) To act for s.o., gníomhú thar cheann duine, in ionad duine. He is writing for me, tá sé ag scríobh thar mo cheann. He took me for my brother, thóg sé in amhlachas mo dhearthár mé. He wore a flour-bag for a shirt, bhíodh mála plúir mar léine air. The part for the whole, an chuid ar son an iomláin. b(Introducing predicative complement) He wants her for his wife, ba mhaith leis aige mar bhean í. He was sold for a slave, díoladh ina dhaor é. He was left for dead, fágadh amhail marbh é. c(In requital of) He was paid for his services, díoladh as a sheirbhís é; cúitíodh a sheirbhís leis. d(In exchange for) To exchange one thing for another, rud a mhalartú ar rud eile. An eye for an eye, súil i ndíol súile. To sell sth. for ten pounds, rud a dhíol ar dheich bpunt. 2a(In favour of) He is for free trade, tá sé i leith, i bhfabhar na saorthrádála. Are you for staying here?an bhfuilir i bhfabhar fanacht anseo?Who is for me?cé tá liom?The exchange is for us, tá rith na malairte linn. bIt is not for you to blame him, ní leatsa an milleán a chur air; ní duitse is dleacht é a cháineadh. 3a(Purpose) What for?céard le haghaidh? cad chuige?What's that gadget for?cad chuige an gléas sin?Garments for men, éadaí fear. For sale, le díol. To play for money, airgead a imirt, imirt ar airgead. For example, mar shampla. P: He's for it, he's in for it, tá a phosóid gléasta roimhe; tá sé faoina chomhair. He went out for water, chuaigh sé amach faoi dhéin, i gcoinne, uisce. b(Because of) To marry s.o. for his money, duine a phósadh ar mhaithe lena chuid airgid. He was appointed for his knowledge of Irish, fostaíodh é de bharr a chuid Gaeilge. To choose s.o. for his ability, duine a thoghadh ar a éifeacht. To jump for joy, bheith ag léimneach le háthas. I am not the better for it, ní fearrde mé é. 4(Direction) aShip bound for America, long ag triall ar Mheiriceá. The trains for Dublin, na traenacha go Baile Átha Cliath. Train for Dublin, traein Bhaile Átha Cliath. bHis feelings for you, a mheon chugat. His affection for you, an dáimh, lé, bá, atá aige leat. 5(Extent in space) The road is lined with trees for two miles, tá crainn ar gach taobh den bhóthar ar feadh dhá mhíle slí. There is no house for a mile around, níl teach i ngiorracht míle dhúinn. 6(Extent of time) a(Future) I am going to London and I'll stay there for a week, beidh mé ag dul go Londain agus fanfaidh mé ann ar feadh seachtaine. He will be away for another year, beidh sé as baile go ceann bliana eile. He won’t be back for a week, ní bheidh sé ar ais go ceann seachtaine. Food for a week, lón seachtaine. b(Past) He was away for a fortnight, bhí sé as baile ar feadh coicíse; bhí sé coicís as baile. He stayed there for another week, d'fhan sé ann go ceann seachtaine eile. I have not seen him for three years, ní fhaca mé le trí bliana é; tá trí bliana ann ó chonaic mé é. I have not seen you for a long time, is fada nach bhfaca mé thú. cI have been here for three days, táim anseo le trí lá. I had known him for years, bhí aithne agam air leis na blianta roimhe sin, I have been living here for three months, táim trí mhí i mo chónaí anseo. 7(Intention, destination) aDo(pron. forms: dom, duit, dó m, di f; dúinn, daoibh, dóibh). This box is for you, is duitse an bosca seo. A cake had been set aside for me, bhí císte curtha i leataobh dom. He made a name for himself, shaothraigh sé clú dó féin. Here is news for you!, seo scéal nua dhuit!He writes for the papers, scríobhann sé do na, sna páipéir (nuachta). bThis is your task for tomorrow, seo é an cúram a bheidh amárach ort. 8To care for s.o., cion a thabhairt do dhuine. Eager for praise, cíocrach chun molta. Good for a cold, go maith chuig slaghdán. Too beautiful for words, breá thar na bearta. It is time for school, tá sé in am scoile. Oh! for a draught of wine!trua gan deoch fíona agam!Now for it!seo chuige!9a(With regard to) As for him . . ., maidir leis sin... As for that..., chomh fada leis sin de ... He is big for his age, tá sé mór ina aois. See for yourself!, feic féin!Examine it for yourself, scrúdaigh féin é. b(In spite of) For all that, ar a shon sin (agus eile), tar éis an tsaoil. For all that you should have let me know, ar a shon sin agus eile bhí sé ceart agat é a insint dom. For all that he is so wealthy..., dá shaibhre é... c(Owing to) But for her I should have died, murach í, bhíos caillte. d(Considering) For all the use he is he might as well go, ar scáth a bhfuil de mhaith ann bheadh sé chomh maith dhó imeacht. e(Corresponding to, in opposition to) Translate word for word, aistrigh focal ar fhocal. Pound for pound I am richer than he, punt ar phunt is saibhre mise ná é. For one enemy he has a hundred friends, in aghaidh gach aon namhad dá bhfuil aige tá céad cara. II►for (Introducing an infinitive clause) 1It is easy for him to come, is furasta dhó teacht. It is easy for you to talk, tá sé breá bog agatsa a bheith ag caint. For that to be feasible, chun go, le go, mbeadh sin indéanta. 2I have brought it for you to see, thugas liom é (chun, le) go bhfeicfeá é. It is for you to see to it, ortsa atá a chúram; tusa ba chóir dul ina bhun. It is not for me to decide, ní liomsa cinneadh ar chomhairle. 3It's no good for John to talk, tá sé fuar ag Seán a bheith ag caint. It would not do for them to see me, ní dhéanfaidh sé an gnó dá bhfeicfidís mé. 4He gave orders for the boxes to be packed, thug sé ordú na boscaí a phacáil. 5He arranged for it to be done, shocraigh sé go ndéanfaí é. To wait for sth. to be done, fanacht (le) go ndéanfaí rud. F: It took two hours for the car to arrive, bhain sé dhá uair a chloig den charr teacht. 6The best plan will be for you to go away for a time, ní fearr rud a dhéanfá ná an áit a fhágáil go ceann tamaill. For you to back out now would be a disgrace, ba mhór an náire é, tú a éirí as anois.