knowledge, s.1aFios m -easa, eolas m. To get knowledge of sth., eolas a fháil, a chur, ar rud. I had no knowledge of it, ní raibh a fhios agam. Lack of knowledge, díobháil f eolais; aineolas m. This is within the knowledge of all, tá a fhios sin ag an saol (mór). It is a matter of common knowledge that. . ., is eol do chách go . . . To my knowledge, to the best of my knowledge, as far as my knowledge goes, ar feadh m'eolais; go bhfios dom; chomh fada le m'eolas. To my certain knowledge, agus mé féin i mo fhianaise leis. Without my knowledge, gan fhios dom. To speak with full knowledge of the facts, labhairt agus iomlán an scéil agat. bHe had grown out of all knowledge, bhí sé as aithne le méid. 2Eolas m. He has a knowledge of several languages, tá go leor teangacha aige. To have a thorough knowledge of a subject, eolas domhain a bheith ar ábhar agat. His wide knowledge of. . ., an t-eolas mór atá aige ar . . . Knowledge of the world, eolas ar an saol. Knowledge is power, bíonn fear feasach fuinnmhí. With the advance of knowledge, de réir mar atáthar ag fáil eolais; le dul chun cinn na heolaíochta.