Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: bell · cell · dell · dwell · ell
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é well de: good »
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh well »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
well1, s. 1 Tobar m. A spring well, tobar fíoruisce. To drive, sink, a well, tobar a thochailt. Geol: Hot well, tobar te. F: Well of knowledge, foinse f eolais; (of pers.) stór m eolais. 2 a (Shaft) Log m (ardaitheora). b Log m, cuas m (i rud). Nau: Dabhach f éisc (i mbád). 3 Ink-well, dúchan m.
well2, v.i. To well (up, out, forth), brúchtadh, borradh, puíoscadh, aníos. Tears welled in her eyes, bhog na deora ina súile.
well3 . I adv. Go maith. 1 a He worked well, d'oibrigh sé go maith. He writes as well as you, scríobhann sé chomh maith leat féin. This lad will do well, tiocfaidh an buachaill seo i dtír. He will never do well, ní dhéanfaidh sé aon lá ratha go deo. To do as well as one can, do dhícheall, do chumas, a dhéanamh. Well done! nár lagaí Dia thú! Dia go deo leat! maith an fear! To do oneself well, gan aon easpa a fhágáil ort féin. You would do well to keep quiet, b'fhearr dhuit, ba é do leas é, bheith i do thost. You did well to come, is maith a rinne tú teacht. He accepted, as well he might, thoiligh sé, ní nár mhiste dhó. One might as well say that..., ionann is a rá go . . . You may (just) as well stay, tá sé chomh maith agat fanacht. You could just as well have stayed till to-morrow, d'fhéadfá chomh maith sin fanacht go dtí amárach. It is just as well, ní fearr ar bith é. P: How well you didn't tell me! nach breá nach ndúirt tú liom é. Very well! maith go leor! déanfaidh sin! b To receive s.o. well, fáilte a chur roimh dhuine. It speaks well for . . ., is maith an comhartha ar . . . To do well by s.o., bheith i do cheann maith do dhuine. She deserves well of you, tá cuid bhuíochais tuillte aici uait, tá tú faoi chomaoin aici. Well intended, le dea-rún. c (Happily) You are well out of it, is maith duit a bheith réidh leis. You came off well, scarais go maith leis. It came off well, d'éirigh go binn leis. Well met! is é do bheatha! maith mar tharla! 2 (Intensive) It is well worth trying, is maith is fiú féachaint leis. It is well on six, tá sé beagnach a sé a chlog. It was well on into the small hours, bhí an oíche thar droim. Well on in years, anonn i mblianta; tonnaosta. He is well up in Russian, tá eolas mór ar an Rúisis aige. 3 (With qualifying adv.) Pretty well all, an t-iomlán beagnach, geall leis de. F: It serves him jolly well right, is maith an airí air é; a chonách sin air! 4 a As well, freisin, chomh maith, leis. Take me as well, beir leat mise freisin. I want some as well, tá cuid de dhíth ormsa chomh maith le duine. b As well as, chomh maith le; i dteannta, le cois (ruda). His enemies as well as his friends respected him, bhí meas ag a naimhde chomh maith lena chairde air. Lame as well as blind, dall agus bacach chomh maith. 5 a (To introduce a remark) Well, as I was telling you . . ., sea, mar bhí mé ag rá leat . . . Well, who was it? agus cé bhí ann? cé bhí ann, ara? b (Expressing relief, etc.) Well I never! diabhal an féidir! thar a bhfaca tú riamh! Well, it cannot be helped, ar ndóigh níl neart air. Well, well! (i) féach air sin anois! (ii) an ndeir tú sin liom! c (Summarising) Well then, why worry? agus mar sin de cén fáth a mbeadh imní ort? II pred.a. 1 To be well, bheith i do shláinte, ar fónamh. Well and strong, i do bheatha agus do shláinte; láidir folláin. I don't feel well, níl mé agam féin. She is quite well again, tá sí ar a cóir féin arís. He has not been well since, níor thug sé lá maith ó shin. 2 a (Advisable) It is well to be prepared, oireann sé, is maith an rud, bheith ullamh roimh ré. It would be well to . . ., ba mhaith an chomhairle . . . It would be just as well if you spoke to him, níor mhiste dhuit dul chun cainte leis. b (Lucky) It is well for you that I wasn't there, is maith an bhail ort nach raibh mé ann. It was well that you were there, is tráthúil a bhí tú ar an bhfód; is maith an rud go raibh tú ann. It is well for you that you have this work, is breá duit an obair seo a bheith agat. It's well for you that I didn't catch you, is maith duit (féin) nár rugas ort. c (Satisfactory) All is well that ends well, an cluiche deireanach an imirt; mol a dheireadh. All is well! gach ní i gcóir! d That's all very well, but . . ., tá go breá, ach . . . It's all very well for you to talk, is réidh agatsa a bheith ag caint. He is all very well in his way, but . . ., ní á lochtú é, ach . . . Well and good! maith go leor! maith más ea! That's all very well and good but . . ., tá go breá ach . . . III s. 1 pl. The well and the sick, an slán agus an t-easlán. 2 To wish s.o. well, do bheannacht a chur le duine; rath a ghuí ar dhuine.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He did it to the best of his ability, rinne sé é chomh maith is bhí ar a chumas.
Better able to do it, níos fearr chun a dhéanta.
To turn sth. to the best account, a mhór a dhéanamh de rud.
He acquitted himself well, chruthaigh sé go maith.
I thought I was acting for the best, le dea-rún a rinneas é.
The pump is not acting well, tá ainghléas ar an gcaidéal.
Well adapted for the work, feilteach, oiriúnach, don obair.
He executed the deal to the best advantage, rinne sé an margadh ab fhearr ab fhéidir a dhéanamh.
He is well, ill, affected towards me, tá bá, fiamh, aige liom.
He can well afford to build a house, is dó is fusa teach a dhéanamh.
Well-aimed shot, urchar díreach.
The best man alive, an fear is fearr ar thalamh an domhain.
He will do it better than any man alive, níl aon fhear beo a dhéanfas é chomh maith leis.
The best one of all those which I bought, an ceann is fearr dar cheannaigh mé.
All’s well, tá gach uile shórt ceart.
(The) best of all would be to . . ., ba é an rud ab fhearr. . .
All the better, the worse, is amhlaidh is fearr, is measa, é.
You are all the better for it, is fearrde thú é.
Prov: Let well alone, nuair atá tú go sóúil fulaing thú féin.
To alter sth. for the better, rud a fheabhsú.
To alter for the better, dul i bhfeabhas.
It is getting better and better, ag bisiú ar fad atá sé.
He was animated by the best intentions, neart dea-rúin a bhí á spreagadh.
He is not any better to-day, níl feabhas ar bith inniu air, níl sé pioc níos fearr inniu.
well-appointed house, teach iarmhaiseach.
By day as well as by night, sa lá chomh maith leis an oíche.
To assort well with sth., teacht go maith le rud.
They assort well, is maith a oireann siad dá chéile.
Be well assured that. . ., ná bíodh lá amhrais ort, ná bíodh ceist ar bith ort, nach.. .
The style is well attuned to the matter, tá an stíl ag cur go maith leis an ábhar.
It augurs well, is maith an comhartha é.
This is far and away the best, seo an rud is fearr ar gach uile bhealach.
That is far and away better, is fearr sin go mór (ná...).
He has a well-balanced, ill-balanced mind, tá intinn staidéarach aige, níl aon staidéar ann.
(With definite predicate) (i) He is the best doctor in the place, is é an dochtúir is fearr san áit é.
(With comparative or superlative) He is better than John, is fearr é ná Seán, tá sé níos fearr ná Seán.
John is the best (of them), is é Seán is fearr (orthu).
I am better, tá feabhas orm; tá biseach orm.
He bore himself well, d'iompair sé é féin i gceart.
F: Well, you're a beauty! m'anam gur greannmhar an mac thú!
He became worse, better, chuaigh sé chun donachta, chun feabhais.
It is becoming colder, better, tá sé ag dul i bhfuaire, i bhfeabhas.
Well begun is half done, dhá thrian cuidithe tosú; tús maith leath na hoibre.
He behaved well, d'iompair sé é féin go maith; rinne sé é féin a ghiúlán go maith.
Well-behaved, múinte, dea-mhúinte.
To the best of my belief, ar feadh mo thuairime; chomh fada le mo bharúil.
Better bend than break, is fearr lúbadh ná briseadh.
The best of men, togha, rogha, scoth, na bhfear.
The best of women, plúr na mban.
Best man (at wedding), vaidhtéaraí m, finné m fir.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht