TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
air 1 , s . Aer m . a Breath of air , aithleá m gaoithe . Fresh air , aer glan . Foul air , drochaer . Change of air , malairt f spéire . S.a. OPEN1 2, OPEN-AIR. The fowls of the air , éanlaithe an aeir . To expose sth. to the air , rud a chur faoin aer . F : I can't live on air , ní thig liom bheith beo ar an ngaoth . To carry goods by air , earraí a iompar in árthach aeir . Journey by air , aistear eitleáin . To throw sth. into the air , rud a chaitheamh san aer, sa spéir . To walk on air , bheith ag aoibheall . There is something in the air , tá rud éigin ar bealach, ar cois . It is all in the air as yet , níl ann ach caint go fóill . Mil : Their left flank was in the air , bhí an eite chlé gan chosaint acu . All that money has vanished into thin air , tá an t-airgead sin uile imithe le sruth . b Attrib. Air raid , aer-ruathar m . Air representative , ionadaí eitleoireachta . c W.Tel : F : To be on the air , bheith ar an raidió . His speech will be put on the air , craolfar a chuid cainte .
air 2 , s .Mus : Fonn m .
air 3 , s . Cuma f , dreach m -a , cosúlacht f . There is an air of sadness everywhere , tá dreach brónach ar gach rud ann . F : He has an air about him , tá cuma ghalánta air ; tá roilsí ag baint leis . He carried it off with an air , rinne sé go healaíonta é . He gives himself, puts on, airs , bíonn éirí in airde ag cur as dó . He put on airs with me , rinne sé duine mór de féin os mo choinne ; bhí sé ag cur gothaí air féin liom .
air 4 , v .tr . 1 Aerálaim . To air a room , aer úr a ligean isteach i seomra . To air clothes (out of doors) , éadach a chur amach faoin ngaoth . To air a bed , leaba a théamh, a aeráil . To air clothes (before the fire) , éadaí a chur leis an tine, a aeráil . 2 He was airing his opinions , bhí sé ag nochtadh a chuid tuairimí . He was airing his knowledge , bhí sé ag taispeáint a chuid eolais .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Accession of light, of air , ligean m isteach solais , aeir .
The windows do not admit enough air , ní ligeann na fuinneoga go leor aeir isteach .
Air-holes of bellows , poll gaoithe boilg .
Airing cupboard , prios m aerála .
To take an airing , dul amach faoin aer ; dul amach ag déanamh na gcos .
Air-balloon, toy-balloon , éadromán m .
Bewildered air , dreach uascánta .
To blow air into sth ., aer a shéideadh isteach i rud .
To blow the air out (from gas-pipes, etc.) , an t-aer a bhaint as .
To let in a breath of air , deoladh m gaoithe a ligean isteach .
Breathe in the air , tarraing d'anáil isteach .
Breathe out the air , cuir d'anáil amach .
To breathe air into sth ., aer a shéideadh isteach i rud .
Castles in the air , caisleáin óir .
To clear the air , na spéartha a ghlanadh .
Close air , aer meirbh, trom .
Air-conditioned , aer-oiriúnaithe .
Air-conditioning , aer-oiriúnú m .
I.C.E : etc : Air cooling , aerfhuarú m .
The crisp air of the morning , aer goibéalta, aibí, úr, na maidine .
Air of determination , cuma dhiongbháilte .
Air display , tóstal m eitleán .
Expiration of air from lungs , ligean aeir as na scamhóga .
'Not to be exposed to the air' , ‘Ná ligtear an t-aer chuige' .
He filled the air with his cries , bhéic sé in ard a chinn is a ghutha .
Air-fleet , aerloingeas m , aerchabhlach m .
To float about in the air , bheith ar foluain san aer .
Foul air , aer bréan, droch-aer .
The fowls of the air , éanlaithe an aeir .
To admit fresh air into a room , aer glan a ligean isteach i seomra .
In the fresh air , amuigh faoin aer úr .
Av : Friction of the air , cuimilt an aeir .
The grand air , an t-ardnós ; an mór is fiú . s .
To air one's grievance , cúis ghearáin a chur in iúl os ard .
Air hardening , cruachan (suiminte) faoin aer .
He walks with his head (high) in the air , bíonn a cheann sa spéir aige .
The air was heavy with scent , bhí boladh cumhra ar an aer .
F : Hot air , baothchaint f .
To hum an air , fonn a chrónán .
He was humming an air , bhí dranntán ceoil ar siúl aige .
The shells hurtled through the air , bhí na pléascáin ag stróiceadh tríd an aer .
He put on an innocent air , chuir sé dreach neamhurchóideach air féin .
Air-lagged , agus brat aeir ina thimpeall .
To let out the air from sth ., an t-aer a scaoileadh, a ligean, as rud .
Lighter than air , níos éadroime ná an t-aer .
Air-marshal , aermharascal m .
Air is the medium of sound , is é an t-aer meán iompair na fuaime ; an t-aer a iompraíonn an fhuaim .
In mid air , eadarbhuas ; idir spéir is talamh .
There is a nip in the air , tá bearradh fuar air .
He had an air of dignity not unmingled with shyness , bhí bealach uasal leis nach raibh saor ar fad ó chúthaileacht .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I know a Doctor Walsh , tá aithne agam ar dhochtúir (áirithe) de Bhreatnach .
They are of a size , tá siad ar aon mhéid .
In abeyance , ar stad, ar fionraí .
The matter is still in abeyance , tá an gnó sin ar fionraí fós .
(Of pers., thg.) It is abhorrent to me , tá gráin agam air .
He did it to the best of his ability , rinne sé é chomh maith is bhí ar a chumas .
Ablaze with light , ar aon bharr amháin solais .
Ablaze with anger , ar lasadh le fearg .
To go aboard , dul ar bord .
All aboard! ar bord libh!
prep .Aboard (a) ship , ar bord loinge .
It proved abortive , ní raibh toradh ar bith air ; theip air .
He went a long way about , chuir sé timpeall mór air féin .
Don't leave those papers lying about , ná fág na páipéir sin caite ar fud an bhaill .
To walk about the streets , siúl ar fud na sráideanna .
He is about again , tá sé ar a bhoinn arís .
There was a look of kindness about his face , bhí dreach cineálta air .
About as big as it , tuairim ar chomh mór leis .
It is about time , (i) tá sé ag tarraingt ar an am ; (ii) Iron : is mithid é .
Much ado about nothing , gleo mór ar bheagán cúise .
What about my book? cad mar gheall ar mo leabhar?
To be about to do something , bheith ar tí rud a dhéanamh .
What are you about? cad é atá ar siúl agat?
Mind what you are about , tabhair aire do do ghnó .
A mountain rises above the lake , tá cnoc ina sheasamh ar imeall an locha .
He is above telling a lie , ní chromfadh sé ar bhréag .
His conduct was above-board , ní dheachaigh sé ar chúl scéithe leis .
He is just back from abroad , níl sé ach tar éis teacht ar ais ón gcoigrích .
Troops serving abroad , saighdiúirí ar seirbhís i gcéin .
There is a rumour abroad , tá ráfla ag imeacht, ar siúl ; tá an scéala amuigh .
He is all abroad , tá dul amú mór air ; tá seachrán trom air .
I am all abroad , níl bun ná barr le fáil agam air .
Why were you absent from school? cén fáth nach raibh tú ar scoil?
It is absolutely forbidden to... , tá dianchosc ar ....
To abstain from meat , troscadh ar fheoil ; tréanas a dhéanamh .
Abuse of trust , caimiléireacht f ar iontaoibh .
The two fields abut , tá an dá pháirc ag síneadh le chéile, teorainn ar theorainn le chéile .
Abutting joint , alt m bun ar bhun .
The speed accelerated , ghéaraigh ar an luas .
To beg a person's acceptance of sth ., iarraidh ar dhuine glacadh le rud ,
Acceptance test, trial , triail f (ar earra roimh a cheannach) .
I have access to him , tá teacht agam air .
Accession to one's income , méadú m ar do theacht isteach .
To accompany a person on the piano , duine a thionlacan ar an bpianó .
He did it of his own accord , rinne sé é dá thoil féin, ar a chonlán féin, uaidh féin .
To pay ten pounds on account , deich bpunt a íoc mar chuid den chuntas, mar ghlasíoc, ar chuntas .
He found his own account in it , chuaigh sé ar sochar dó .
He has gone to his account , tá sé ar shlua na marbh, in áit na fírinne .
He is held in account , tá meas mór air ; tá urraim mhór dó .
On account of it , dá thairbhe, mar gheall air, as a shiocair .