life, s.1Beatha f. It has life, tá sé ina bheatha. It came to life, tháinig anam ann. It is a matter of life and death, cúrsa báis nó beatha é. Life-and-death struggle, gleic f (go himirt) anama. To take s.o.'s life, duine a bhású, a mharú, a ídiú. To take your own life, tú féin a ídiú; lámh a chur i do bhás féin. Between life and death, idir bás is beatha. To save s.o.'s life, beo duine a shábháil. He begged for his life, d'iarr sé a anam, coimrí a anama. He sold his life dearly, ní in aisce a lig sé a mharú. He was carrying his life in his hands, bhí a anam i gcúl a dhoirn aige. Without accident to life or limb, gan bascadh gan bárthain. He escaped with his life, thug sé a anam ar éigean leis. Many lives were lost, cailleadh mórán daoine; maraíodh a lán. He ran for his life, for dear life, rith sé lena anam, i dtánaiste an anama. Run for your lives!rithigí más milis libh bhur mbeo!He was rowing for dear life, bhí sé ag rámhaíocht ar a chroí díchill. F: I cannot for the life of me understand why, ní thuigim beirthe ná beo cad ina thaobh. On your life, do not tell, ar d'anam, ar do bhás, ná hinis. Will you be there to-morrow? Not on your life!an mbeidh tú ansin amárach? Ní bheidh ná baol orm! baol mór orm!'Pon my life!dar m'anam!He has as many lives as a cat, tá sé chomh deacair a mharú le heascann. To give life to sth., anam, spionnadh, a chur i rud. To put new life into s.o., aiseag beatha a thabhairt do dhuine; duine a athbheochan. He is the life and soul of the party, is é croí na cuideachta é. To draw from life, tarraingt de réir nádúir. True to life, (scéal) atá ag cur leis an saol. His acting is absolutely true to life, tá a chuid aisteoireachta nádúrtha amach agus amach. S.a. LARGE I. 1. Animal, vegetable, bird, life, an t-ainmhí, an planda, an t-éan. The water swarms with life, tá an t-uisce beo le feithidí; tá gach saghas beatha san uisce. Art: Still life, neamhbheo m. 2aBeatha f, saol m, beo m (duine). Never in (all) my life, riamh i mo shaol; le mo bheo; le mo ré. All his life, ó aois go bás. At my time of life, an taca seo de mo shaol; san aois ina bhfuilimse. I am tired of life, táim cortha den saol; ní beo liom mo bheo. Appointed for life, ceaptha le mo (do, etc.) shaol. Life annuity, anáid f saoil. Penal servitude for life, pianseirbhís f saoil. Life senator, seanadóir m saoil. bIns: He is a good life, is maith an saolaí, an dóigh saoil, é. cBeathaisnéis f. dSeasamh m (lampa, etc.). 3aHe departed this life, fuair sé bás; d'éag sé. bManner of life, saol m, beatha f. High life, saol na n-uaisle; saol réimeach. Low life, saol suarach. What a life!nach cráite an saol é! is mór an pionós é an saol!Such is life!sin mar a bhíonn! sin mar a ghabhann an saol!He has seen life, chuir sé eolas mór ar an saol. 4(Living things) Beathra m.