suit1, s.1Jur: Suit at law, agra m dlí. To bring a suit against s.o., duine a thabhairt chun na cúirte; dlí a chur ar dhuine. To be a party to a suit, bheith páirteach in agra. At the suit of, ar agra. 2Achainí f, iarratas m. At the suit of s.o., ar achainí duine. 3Suirí f; ceiliúr m pósta. 4Cost: Culaith f (éadaigh). Lounge-suit, gnáthchulaith. S.a. ARMOUR1 1. Sailor suit, culaith mhairnéalaigh. 5Nau: Suit of sails, culaith f (seolta). 6Cards: Dath m -a. To lead from one's long suit, imirt as an dath tréan. F: Politeness is not his long suit, ní ar a dhea-bhéasa a thiocfas sé i dtír. To follow suit, (i) an dath a imirt; (ii) déanamh mar a rinneadh romhat.
suit2, v.tr.1Feilim, oirim, do; oiriúnaím. To be suited to, for, sth., bheith feiliúnach, fóirsteanach, do rud. He is ill-suited to the work, ní oireann an obair dó. They are suited to each other, tá siad ag cur le chéile, oiriúnach dá chéile. 2Sásaíonn, téann do. S.a. ACTION 1. The house does not suit me, níl an teach seo i mo shásamh. That suits me best, sin é is fearr liom. That just suits me, sin go díreach an rud atá mé a iarraidh. I shall do it when it suits me, déanfad é nuair a oirfeas dom féin. Suit yourself, déan mar a thograíos tú féin. This climate does not suit me, níl aer na tíre seo ag teacht liom. This hat suits you, téann an hata seo duit. 3Are you suited with a cook?, an bhfuair tú cócaire ceart, do dhíol de chócaire, go fóill?