get.Iv.tr1Faighim(past, fuaireas; fut. gheobhad; v.n.fáil). aTo get sth., rud a fháil, a sholáthar. Get it for yourself, faigh duit féin é. I will get one for you, gheobhaidh mé ceann duit. It is not to be got, níl sé le fáil. To get sth. to eat, (i) rud éigin a fháil le n-ithe; (ii) greim a ithe. Where can I get it?cá bhfaighinn é? cá bhfuil sé le fáil?I got this horse cheap, fuair mé an capall seo i saorchonradh. bBuaim, gnóthaím, bainim amach. He got himself a name, bhain sé cáil amach dó féin. To get a wife, bean a fháil. To get the prize, an duais a bhaint amach, a ghnóthú. I will see what I can get for it, fanfaidh mé go bhfeicfidh mé cad a bheidh le fáil agam air. I get nothing by it, out of it, níl faic agam dá bharr. cTo get leave (of, from, s.o.) to do sth., cead a fháil (ó dhuine) rud a dhéanamh. He gets his own way, tugtar cead a chinn dó. To get some sleep, néal a chodladh. S.a. WAY1 6. If I get the time, má bhíonn uain agam (air); má fhaighim caoi (chuige). Get your dinner first, bíodh do dhinnéar ar dtús agat. To get a fine view of sth., radharc maith a fháil ar rud. dW.Tel: To get a station, teacht ar stáisiún; stáisiún a aimsiú. 2aFaighim (litir, bronntanas, etc.). He gets his timidity from his mother, óna mháthair a thug sé an scáfaireacht leis. bTógaim, tolgaim (galar). To get a blow, buille a fháil. To get religion, iompú chun creidimh. He got ten years (in prison), gearradh deich mbliana príosúin air. 3aBeirim ar, tagaim suas le (fia, etc.). I got him first shot, leag mé ar an gcéad urchar é. We'll get them yet!bainfimid leagan fós astu!The play didn't really get me, níor chuaigh an dráma ina luí orm. What's got him?cad tá air?bI don't get your meaning, ní thuigim brí do scéil. Got me?an dtuigeann tú leat mé?4Cuirim fios ar (dhochtúir); téim ag triail ar (dhochtúir). Get me my hat, tabhair chugam mo hata. 5aCuirim, tugaim (isteach, abhaile, etc.). To get s.o. home, duine a thabhairt abhaile (ar ais nó ar éigean). We got him upstairs, d'éirigh linn é a thabhairt in airde staighre. I got him on to the subject, d'éirigh liom é a chur ag caint ar an scéal. bTo get a poem off by heart, dán a chur de ghlanmheabhair. To get breakfast ready, an bricfeasta a ullmhú. To get s.o. into trouble, (i) achrann a tharraingt ar dhuine; (ii) clú (cailín) a bhriseadh; (cailín) a chur ó chrích. 6aTo get sth. done by s.o., cur faoi deara do dhuine rud a dhéanamh. To get a suit made, culaith a chur á déanamh. He got himself appointed, d'oibrigh sé an post dó féin. To get a daughter married, iníon a chur i gcrích. bHe got his work finished, d'éirigh leis a chuid oibre a chríochnú; chuir sé críoch ar a chuid oibre. He got his arm broken, briseadh an sciathán aige. cTo get s.o. to do sth., a thabhairt ar dhuine rud a dhéanamh; a chur faoi deara do dhuine rud a dhéanamh. Get him to read it, cuir iallach air é a léamh; cuir á léamh é. To get a plant to grow, planda a chur ag fás. To get a door to shut, bail a chur ar dhoras le go ndúnfadh sé. dThat got him guessing, chuir sin i bponc é. 7aHave got, Tá agam. What have you got there?cad tá ansin agat?I haven't got any, níl aon chuid agam. What's that got to do with it?conas a bhaineann sin leis (an scéal)?He's got measles, tá an bhruitíneach air. You've got it!tá agat!bYou've got to do it, ní foláir duit é a dhéanamh; caithfidh tú é a dhéanamh; tá ort é a dhéanamh. It has got to be done, ní foláir é a dhéanamh; caithfear é a dhéanamh, We have got to hurry, ní mór dúinn deifriú. 8Min: Bainim (gual, etc.). 9v.tr.Get thee gone!scrios leat! gread leat! buail as sin!IIv.i.1aTéim (i méid, i saibhre, etc.), éirim (tuirseach, saibhir, etc.). To get old, dul in aois. He is getting grey, tá sé ag liathadh. I am getting used to it, táim ag dul ina thaithí. He got angry, tháinig fearg air. Flour is getting scarce, tá an plúr ag dul i ngannchúisí. It is getting late, tá sé ag dul i ndéanaí; tá sé ag éirí déanach. bHe got dressed, chuir sé air. He got married, phós sé. He got killed, maraíodh é. He got drowned, bádh é. He got arrested, rinneadh é a ghabháil; gabhadh é. Everything gets known, faightear amach gach aon ní. To get finished with sth., fáil réidh le rud. cTo get doing sth., cromadh ar rud a dhéanamh. To get talking with s.o., dul chun cainte le duine. We got talking about the war, thosaigh an chaint ar an gcogadh againn. 2aSroichim (áit), bainim (áit) amach. He’ll get here to-morrow, sroichfidh sé an áit seo amárach. How can I get there?conas a rachad ann?I could not get to see him, ní raibh teacht agam ar é a fheiceáil. To get there, déanamh go maith. We're not getting anywhere, níl muid ag dul chun cinn; níl aon mhaith á déanamh againn. Where have you got to with the work?cé mhéad den obair atá déanta agat?Where has that book got to?cá mbeadh an leabhar sin in aon chor?bTéim. To get behind a tree, dul ar chúl crainn. To get to work, cromadh, díriú, ar obair. To get to bed, dul a chodladh. cI got to do it at last, chuaigh agam a dhéanamh faoi dheireadh. To get to know sth., eolas a chur ar rud. I got to know where he was, chuaigh mé amach ar an áit ina raibh sé. They got to be friends, d'fhás cairdeas eatarthu. He got to like her, chuaigh sé i ngean uirthi.