TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
sum 1 , s . 1 a Iomlán m , suim f . To find the sum of the terms of a series , téarmaí sraithe a shuimiú . b F : The sum and substance of the matter , bun agus barr an scéil . In sum . . ., in aon fhocal amháin . . . c Sum of money , suim airgid . Odd sums , pinginí corra . A large sum of money , pingin mhaith . 2 Ceist f (áirimh) , suim f . To do a sum in your head , ceist a fhuascailt as do cheann . To do sums , suimeanna a dhéanamh . I was very bad at sums , ní raibh maith ar bith ionam chun na bhfigiúirí .
sum 2 , v .tr . Suimím, cuirim le chéile .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To account for a sum of money , cuntas a thabhairt in airgead .
To allocate a sum amongst several people , suim airgid a dháileadh, a roinnt, ar an oiread seo daoine .
To allot a sum of money to, for, certain work , suim airgid a leagan amach le haghaidh oibre áirithe .
Com : To bring forward a sum , suim a thabhairt chun tosaigh .
To come upon s.o. for a sum , suim (airgid) a éileamh ar dhuine .
To contribute a sum of money , síntiús (airgid) a thabhairt .
To enter, put, a sum to s.o.'s credit , suim a chur de shochar cuntas duine .
Com : To credit a sum to s.o., to credit s.o. with a sum , suim a chur chun sochair do dhuine, i leith duine .
To debit s.o. with a sum , suim a fhéichiúnú i leith duine, suim a chur de dhochar cuntas duine .
To do a sum , suim a dhéanamh .
Sum put by to fall back upon , suim a cuireadh i dtaisce le haghaidh lá na coise tinne .
Inclusive sum , suim an iomláin .
A large sum , suim mhór (airgid) .
She had laid by a tidy sum , bhí suim mhaith airgid curtha i dtaisce aici .
Quantities, sums, less than a certain amount , suimeanna is lú ná oiread áirithe, faoi bhun oiread áirithe .
(The sum) amounts to something like ten pounds , tá suas le deich bpunt ann .
The subscriptions made up a large sum , rinne na síntiúis suim mhór airgid .
A nice little sum , pingin mhaith airgid .
To rate s.o. at a certain sum , an oiread seo rátaí a ghearradh ar dhuine .
Com : To remit a sum to s.o ., suim airgid a chur chuig duine, a íoc le duine .
The sum is right , tá an suimiú ceart .
Good round sum , suim mhaith .
To scrape together a sum of money , dornán airgid a chonlú, a screamhaireacht.
To pay in a sum of money as a security , suim airgid a íoc mar urrús .
To sum up ten numbers , deich n-uimhreacha a shuimiú .
To sum up a story , achoimre f a dhéanamh ar scéal .
To sum the matter up , le scéal gearr a dhéanamh de .
Jur : (Of judge) To sum up (a case) , coimriú m a dhéanamh ar chás ,
To sum up the situation at a glance , an cás a mheas i bhfaiteadh na súl .
To sum s.o. up , duine a thomhas .
This sum will tide us over , cuirfidh an tsuim seo thar an ngátar sinn .
A tidy sum , bun deas airgid .
To vote a sum , suim a vótáil .
To withdraw a sum of money , suim airgid a aistarraingt .