surprise1, s.1Ganfhiosaíocht f. To take s.o. by surprise, teacht gan fhios ar dhuine. Mil: Surprise attack, ionsaí m ganfhiosaíochta. Surprise visit, cuairt gan choinne. 2Ábhar m iontais, iontas m. To give s.o. a surprise, geit f, preab f a bhaint as duine. It was a great surprise to me, ní raibh aon choinne dá laghad agam leis. 3Ionadh m, iontas m. To my great surprise, much to my surprise, rud a chuir mo shá iontais, dubhiontas, orm. I paused in surprise, baineadh stad asam le hiontas.
surprise2, v.tr.1Tagaim gan fhios, gan choinne, ar. The guards surprised him, tháinig na gardaí aniar aduaidh air. 2Cuirim ionadh, iontas ar. I was surprised at it, chuir sé iontas, orm, rinne mé iontas de, bhí iontas agam ann. Don't be surprised at it, ná déan ionadh ar bith de, ná bíodh aon iontas ort faoi. I am surprised to see you, is ionadh liom tú a fheiceáil anseo. He was surprised beyond measure, bhí iontas na n-iontas air. I should not be surprised if . . ., níorbh aon ionadh liom dá . . . I am surprised at you!ní shamhlóinn a leithéid leat!