SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
an chuid tosaigh den cheann; an chuid tosaigh den rud (aghaidh tí, aghaidh aille)
siúnta idir dhá chuid de rud (ar nós glúin, rúitín, ailt na méire, etc.); dual (in adhmad); airteagal (i gconradh); aiste scríbhneoireachta; an agus na sa Ghaeilge
an spiorad nó an chuid inmheánach den duine a chreidtear a mhaireann tar éis a bháis; beatha (thit an t-anam as); brí, fuinneamh (cuir anam ionat féin)
cuid mhór, an-chuid; dúil iomarcach
lán béil; greim; féasrach; an chuid de ghléas ceoil a séidtear tríthi
an chuid den chorp a bhfuil an goile agus na putóga ann; mála (bolg saighead); boilsc (bolg seoil); áit le lasta a chur ann (bolg loinge); lár (bolg an chuain, i mbolg an lae)
an chuid de bhall éadaigh a théann thart ar an muineál
áit a labhraíonn cuid de na daoine Gaeilge agus an chuid eile Béarla de ghnáth
an chuid tosaigh den chorp idir an muineál agus an choim; tosach (brollach léine; i mbrollach an earraigh)
éan creiche mór a mhaireann sa chuid is mó de ar chonablaigh ainmhithe
bun, foinse (bunús an chreidimh); rachmas (duine a bhfuil bunús aige); an chuid is mó de (tá bunús na hoibre déanta)
corp an duine seachas an ceann agus na géaga; an chuid de ghúna a chlúdaíonn an chabhail, cabhaileog; (le feithicil, foirgneamh etc.) creatlach, fráma
éan beag buí a choinnítear mar pheata mar gheall ar a chuid ceoil
an chuid lárnach den Aifreann; liosta údaraithe de na naoimh, de leabhair an Bhíobla etc.
an chuid thanaí de rud (caol na láimhe, caol an droma); slat chaol, tuige
cineál réinfhia de chuid Mheiriceá Thuaidh
péist talún agus an-chuid cos fúithi
an chuid den chorp taobh thuas den mhuineál; meabhair, éirim aigne (fear a bhfuil an-cheann air); ceannaire, taoiseach (ceann teaghlaigh, ceann treora); barr (ceann tairne; ceann staighre, leapa); tús, tosach (ceann báid; chun cinn); deireadh (ceann téide); aonad (ceann amháin, dhá cheann)
cur i bhfolach, coinneáil faoi rún (an fhírinne a cheilt); cosc (ná ceil a chuid air); séanadh (do mhuintir a cheilt)
leabhar tagartha agus an-chuid eolais ghinearálta ann nó eolas ar ábhair speisialta
cromadh, lúbadh; dul nó cur ar claon; luí le (claonadh leis an obair); imeacht ó (claonadh ón bhfírinne); casadh (chlaon sé mo chuid cainte)
cuid d'abairt a bhfuil ainmní agus faisnéis dá chuid féin ann (mar shampla - cé go raibh an t-uisce fuar chuamar ag snámh - clásal atá sna focail sa chló iodálach); cuid ar leith de chonradh etc.
an chuid is crua de chorp ainmhí (Is í an chreatlach na cnámha ar fad le chéile)
rud a chaitear thart ar an muineál; an chuid de bhall éadaigh a théann thart ar an muineál, bóna
an chuid de chos an arbhair a fhanann sa talamh tar éis a bhainte; cos arbhair nó féir; feadán caol déanta as páipéar nó plaisteach trína ndiúltar deoch
an chuid den chorp síos ón gcoim ar an dá thaobh lena n-áirítear barr chnámh na leise, cromán
(cois in abairtí áirithe) ceann de na géaga a úsáidtear chun siúil; aon ní cosúil leis seo (cos boird, cos pota); clúdach coise (cos treabhsair); lámh, feac, sáfach (cos spáide, cos scine, cos casúir, cos fuipe); an chuid íochtarach (cos leapa)
an chuid d'fheithicil a oibríonn ar na rothaí chun iad a mhoilliú nó a stopadh
lapa éin nó cait; ordóg portáin; an chuid adharcach de chosa ainmhithe áirithe, ba, capaill, muca etc.
páirt, roinnt (déan trí chuid de); cion duine amháin (sin é do chuid de; mo chuid éadaigh; iníon dá chuid); ábhar (tá cuid súl inti, ní cuid iontais é); bia, beatha (do chuid a chaitheamh; ag tuilleamh a choda)
an chuid laistiar de radharc nó de phictiúr, de scéal nó de chúrsa ar bith
dúbailte; déanta ina dhá chuid ar leith
an chuid sin den ghramadach a phléann le réimniú agus díochlaonadh focal
críoch (tá deireadh leis an scéal); an chuid dheireanach; an chuid is faide siar (deireadh báid, deireadh cairte); clabhsúr (tá deireadh déanta, ite); tóin duine nó ainmhí
an chuid nó an ceann is measa (díogha na bhfear; díogha gach síne sioc)
an talamh seo uile agus a bhfuil ann agus san aer os a chionn; an chruinne; an saol; cuid den domhan (an domhan thoir, thiar); a lán, an-chuid (rinne sé an domhan oibre; bhí an domhan daoine ann; áthas an domhain)
an méid a fhanann gan ól de dheoch nó gan ithe de bhia, fuíoll nó deasca; aon rud gan mhaith, an chuid is measa de rud
bóthar nó rud mar é thar abhainn nó thar bhóthar eile; stáitse an chaptaein ar long; an chuid chnámhach den tsrón
planda síorghlas agus caora péarlacha bána air a fhásann ar stoc nó ar bhrainsí crainn agus a úsáidtear mar chuid d'ornáidí na Nollag
aghaidh, an chuid den aghaidh os cionn na súl; aghaidh aon ruda, dromchla réidh; tóin (éadan bairille); ceann (éadan boird, dhá éadan an halla)
am nó spás idir dhá rud; dreas beag ceoil idir dhá chuid de dhráma
iarratas dian, iarraidh ruda mar cheart (d'éiligh sé go raibh an ceart aige); lorg (ag éileamh an chíosa); iarraidh, ráchairt (éileamh mór a bheith ar bhailéid; níl éileamh aige ar a chuid); gearán, cásamh (ag éileamh as aicíd; ag éileamh ar na páistí)
ráig ghalair a leathann agus a bhuaileann an-chuid daoine
an chuid d'ainmhí, d'eitleán etc., a ghobann uaidh siar; an taobh thiar de dhuine nó de rud (ná bí crochta as m'eireaball; líon eireabaill); íochtar (eireaball cóta, léine)
raon, scóip, cúrsa (éirim scéil, éirim a chuid cainte); claonadh (leanadh sé dá éirim); tuiscint, clisteacht, meabhair (éirim an cheoil, éirim aigne)
crann mór síorghlas Astrálach a bhfuil ardmheas air mar gheall ar a chuid ola, guma agus adhmaid
maitheas (le feabhas a chuid ceoil); biseach (ag dul i bhfeabhas; tá feabhas beag inniu air)
an rud bog (matáin, etc.) a chlúdaíonn cnámha an duine agus an ainmhí; an chuid de chorp an ainmhí a úsáidtear mar bhia; raimhre (feoil a chur suas, a chailleadh)
líne bheag (-) idir dhá chuid de chomhfhocal nó idir dhá shiolla nuair is éigean focal a bhriseadh ag deireadh líne scríbhneoireachta nó cló
duibheagán, an chuid is doimhne (i bhfodhomhain na farraige, na hintinne)