ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is about his task, tá sé i gcionn a chuid oibre.
His work absorbs him, tá sé sáite ina chuid oibre.
To pay ten pounds on account, deich bpunt a íoc mar chuid den chuntas, mar ghlasíoc, ar chuntas.
He gave an account of himself, (i) thug sé cuntas ina ghníomhartha, ina chuid oibre; (ii) thug sé tuairisc ar a cháilíocht.
By his own account, (i) de réir a chuid cainte féin; de réir mar a deir sé féin; (ii) más fíor dó féin; más cóir aird a thabhairt air.
That does not come within my activities, ní de mo chuid oibre é sin; ní bhaineann sin le mo ghnóthaí.
He adapted his language to the occasion, chuir sé a chuid cainte leis an ócáid.
To add to my work, mar aguisín le mo chuid oibre.
He is a great admirer of your work, tá meas mór aige ar do chuid oibre.
He told us all his adventures, d'aithris sé a chuid eachtraíochta dúinn.
The boys are after your apples, tá na buachaillí ag tarraingt ar do chuid úll.
The aftermost part, an chuid is faide siar, is faide chun deiridh.
His speech will be put on the air, craolfar a chuid cainte.
He was airing his opinions, bhí sé ag nochtadh a chuid tuairimí.
He was airing his knowledge, bhí sé ag taispeáint a chuid eolais.
All the others, an chuid, an mhuintir, eile ar fad.
For all his wealth..., d'ainneoin a chuid saibhris . . .
F: And all, agus an chuid eile uile.
My all, mo chuid den saol.
To allow s.o. his expenses, a chuid costas a thabhairt do dhuine.
To allow s.o. time to pay his debts, spás a thabhairt do dhuine lena chuid fiacha a íoc.
To put s.o. on (short) allowance, a chuid a chumadh le duine.
Your work is all right, leave it alone, tá do chuid oibre mar is ceart, fág é mar atá sé.
Not alone did he steal my money, ní hé amháin gur ghoid sé mo chuid airgid.
I count him amongst my friends, duine de mo chuid cairde é.
His speech amounts to this, seo é bun agus barr a chuid cainte.
The amusing thing about it is that..., an chuid is greannmhaire den scéal go...
He applied himself to his work, chaith sé dúthracht lena chuid oibre.
I can't follow his argument, ní thuigim brí a chuid argóinte.
He is as generous as he is wealthy, tá a chuid féile inchurtha lena chuid maoine.
He is greatly attached to his work, tá an-luí aige lena chuid oibre.
He is not attending to his studies, níl a umhail ar a chuid léinn.
Attentive to one's work, dícheallach, dúthrachtach, furchaí, i gceann do chuid oibre.
His clothes are baggy, tá sé ag dul amú ina chuid éadaigh.
He spent the balance of his life in travel, chaith sé an chuid eile dá shaol ag taisteal.
The beauty of it is that . . ., agus an chuid is fearr de ...
Because of the excellence of his speech, ar fheabhas a chuid cainte.
He spoke in a beery voice, bhí aithne óil ar a chuid cainte.
The best of the matter, the best of it, is that. . ., an chuid is fearr den scéal go . . .
He got the best of it, of the bargain, bhí an chuid ab fhearr de, den mhargadh, aige.
At (the) best it is poor, níl maith sa chuid is fearr de.
He was biting his nails, bhí sé ag ithe a chuid ingne.
To bleed for one's country, do chuid fola a dhoirteadh ar son do thíre.
His piety is only a blind, níl ina chuid cráifeachta ach cur i gcéill.
It makes my blood boil, cuireann sé mo chuid fola is feola trína chéile; cuireann sé i mbarr mo chéille mé.
His blood ran cold, d'éirigh a chuid fola fuar.
F: To blue one's money, scallán a chur i do chuid airgid, dustaí a thabhairt do do chuid airgid.
To call his bluff, (i) (at poker) iarraidh air a chuid cártaí a chur chun cláir; (ii) tabhairt ar dhuine cur lena chuid cainte.
F: He talks like a book, cuireann sé culaith ghaisce ar a chuid cainte.
To speak by the book, urra a chur le do chuid cainte.