bás, m. (gs. báis, pl. ~anna).1. Death. ~ a fháil (de, le, rud éigin), to die (of sth.). Tá an ~ aige, he is dying. Tá sé le ~, ina luí le ~, ar leaba an bháis, he is near death, on his deathbed. Tá an ~ air, his illness is fatal. Tháinig an ~ air; bhuail an ~ é, he became fatally ill. Fuair, tholg, sé a bhás as, he caught his death from it. As sin a tháinig a bhás, that is what brought about his death. Ag saothrú an bháis, in the throes of death. Idir ~ is beatha, hovering between life and death. Tá dath an bháis air, he is the colour of death. Tá an ~ (ina sheasamh) idir a dhá shúil, death is in his face. Tá sé ag comhrá leis an m~, in agallaimh an bháis, he is near death and is rambling. Níl ~ ná biseach air, he is chronically ill. Tháinig sé ón m~, he recovered from, escaped, death. Thug sin ón m~ é, that saved his life. I gcontúirt, i nguais, bháis, in danger of death. Buille báis, goin bháis, deathblow, fatal wound. Go ~, until death. Go lá mo bháis, to my dying day. ~ umhal (ola agus aithrí), death with resignation (after penance and extreme unction). ~ gan sagart, death without the administrations of a priest. Duine a dhaoradh, a theilgean, a chur, chun báis, to condemn, sentence, put, s.o. to death. Thug siad mo bhás leis an ocras, they starved me to death, famished me. Thug sé a bhás féin leis an ól, he drank himself to death. Chuir sé lámh ina bhás féin, he committed suicide. Ar do bhás (ná déan é), on your life (don’t do it). Ar bhás an domhain, under no circumstances. Dá mbeadh do bhás de gheall, i ngeall, leis, if your life depended on it. Tá eagla a bháis air (roimh thaibhsí, go mbuailfear é), he is in mortal fear (of ghosts, that he will be beaten). Fuair mé na seacht m~ le pianta i mo ghoile, I suffered untold agonies with stomach pains. S.a. aois 1, caidhp 4, cróilí11, fód 5, mac 3, ordóg 1, uacht 2. 2. ~ ina sheasamh, ~ gorm, dead-and-alive person. Níl ann ach an ~, he looks like death. 3. Z:~ dorcha, bat.