tar amach, v.i. Come out, come forth, issue, emerge. ~ amach as an teach, come out of the house. Tá a chnámha ag teacht amach trína chraiceann, his bones are protruding through his skin. Tháinig an t-éillín amach, the brood was hatched. Tháinig an leabhar amach, the book was published. Ó tháinig an faisean sin amach, since that fashion started. Tiocfaidh an fhírinne amach, the truth will be revealed. Tháinig sé amach ina dhochtúir, he qualified as a doctor. Tiocfaidh an smál amach leis an níochán, the stain will come out in the washing. Dá dtagadh sé de reacht amach, should it be enacted by law.