think1, s.To have a quiet think, bheith ag machnamh duit féin ar do shuaimhneas.
think2,Iv.tr. & i.1Smaoiním, machnaím, déanaim machnamh. He thinks for himself, tá intinn aige dó féin. To think hard, machnamh go dian, go domhain. He does not say much but he thinks a lot, cé nach labhraíonn sé, meabhraíonn sé. I know what you are thinking, tá fhios agam cad atá i do cheann. The child thought no harm in doing it, níor chuir an páiste dochar ar bith ann. To act without thinking, rud a dhéanamh gan cuimhneamh. Think before you speak, smaoinigh sula labhróidh tú. After thinking a moment I . . ., nuair a smaoinigh mé orm féin tamall beag. Give me time to think (and remember), fan go gcuimhneoidh mé (orm féin). Let me think, fan go bhfeicfidh mé. To think again, athsmaoineamh a dhéanamh. F: Think again!cuimhnigh arís (ort féin)! S.a. TWICE. 2Measaim, ceapaim, sílim. I can't think what you mean, níl aon tuairim agam cad atá i gceist agat. You can't think how glad I was, ní chreidfeá ach an t-áthas a bhí orm. You can't think what he looks like, ní shamhlófá go brách an chosúlacht atá air. One would have thought that it was midnight, mheasfadh duine é a bheith ina mheán oíche. Anyone would think that he was asleep, chreidfeadh, shílfeadh, duine ar bith gur ina chodladh a bhí sé. You would never think he had been in prison, dheamhan aithne air gur chaith sé seal sa phríosún. Who'd have thought it!cé shílfeadh é!Only think!cuimhnigh air!To think that he would do it!a rá is go ndéanfadh sé sin!3a(Conceive the notion of) I have been thinking that . . ., bhí sé ag rith liom go . . ., bhí mé ag ceapadh go . . . Thinking to catch him at home, ag brath ar bhreith air ag baile. He thought to kill her, shíl sé í a mharú. I only thought to help you, ag iarraidh cabhrú leat a bhí mé. bDid you think to bring any money?ar chuimhnís ar airgead a thabhairt leat?4Ceapaim measaim, sílim, is dóigh liom. Then you think that. . ., tá tú ag ceapadh, is dóigh leat, mar sin go ... Do you think you can do it?measann tú an féidir leat a dhéanamh?It is better, don't you think, to go there?do bharúil, nach fearr dul ann?What do you think I ought to do?céard a cheapfá ba chóir dhom a dhéanamh?I thought all was over, shíleas go raibh gach uile shórt thart. I thought I heard a noise, chonacthas dom gur chualas torann. He thinks he may do anything, tuigtear dó go dtig leis a rogha rud a dhéanamh. I think he is crazy, feictear domsa go bhfuil sé as a mheabhair. I think she is pretty, tá sí deas, dar liom. They thought he was a fool, b'amadán acu é. I think it rather short, is gearr liom é. It is thought that..., ceaptar go . . ., tá ceapadh go . . . I think so, sin mo bharúil. I should hardly think so, ní dhéarfainn é. I should (just) think so!deirimse leat é! mise á rá leat!P: I don't think!diabhal é! mar dhea!I hardly think it likely, is éadóigh é dar liom. You thought me a fool, b'amadán agat mé, thug tú meas amadáin orm. They were thought too rich, ba saibhir le daoine iad. They were thought to be rich, bhí teist an airgid orthu. S.a. BEST1 2. 5Tá súil agam. I thought to have heard from you, bhí súil agam le scéala uait. I little thought to see him again, is lag an tsúil a bhí agam go bhfeicfinn arís é. I thought as much, I thought so, is leis sin a bhí súil agam. IIthink of, think about, v.ind.tr.1Cuimhním, smaoiním, ar (rud, duine); machnaím ar (rud). We are thinking of them, táimid ag smaoineamh, ag cuimneamh, orthu. One can't think of everything, ní féidir cuimhneamh ar gach aon rud. He has so much to think about, of, tá an oiread sin ar a intinn. Think no more of it, caith as do cheann é. I never thought of it, níor chuimhnigh mé riamh air. I can't think of the right word, ní féidir liom an focal ceart a thabhairt chun mo chuimhne. That is worth thinking about, is fiú smaoineamh air sin. What am I thinking about?céard atá ar mo chloigeann ar chor ar bith?He can't sleep for thinking about it, tá sé ó chodladh na hoíche aige. 2Samhlaím. Think of me having to beg!a rá is go mb'éigean dom dul ag iarraidh na déirce!F: Think of that!cuimhnigh air sin! féach air sin!3Tá aird agam ar, cuimhním ar; tá ar m'aire. To think of s.o.'s feelings, cúram a dhéanamh de ghoilliúnaí duine. He doesn't think of the expense, is cuma leis an costas. To think of the public good, cúram a dhéanamh de leas an phobail. 4To think of, about, doing sth., bheith ag cuimhneamh, ag brath, ar rud a dhéanamh. I couldn't think of it!ní dhéanfainn sin cibé rud eile a dhéanfainn!5v.tr.aCeapaim, sílim (rud) faoi, de (dhuine). What do you think of it, about it?cad is dóigh leat de? cad é do mheas air?He thinks too much of himself, tá an iomarca measa aige air féin. He thinks too much of it, tá sé ag déanamh an iomarca dhe. I told him what I thought of him, thug mé a ghnóthaí le hinsint dó. bTo think well of s.o., meas a bheith agat ar dhuine. He thinks ill of her, tá drochthuairim aige di. He is thought well of, tá an-mheas air. S.a. BETTER1 2, MUCH 3 (c).