Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: time · timed · timer · tie · tim
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
times could be a grammatical form of: time »
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Three times a week, trí huaire sa tseachtain, in aghaidh na seachtaine.
To be abreast with, of, the times, coinneáil suas le cúrsaí nua-aimseartha.
In ancient times, anallód.
Far back in pagan times, i bhfad siar in aimsir na págántachta.
To bring down a history to modern times, stair a thabhairt aniar, go dtí an lá inniu.
At different times, ó am go chéile, ar ócáidí éagsúla.
Down to recent times, anuas go dtí le déanaí.
Dozens and dozens of times, go mion minic, go mion is go minic.
From the earliest times, ó thosach aimsire; ó thús an tsaoil.
Ever so many times, go mion minic.
In far-off times, na cianta cairbreacha ó shin.
Five times, cúig huaire.
Former times, an seansaol.
In former times, anallód, fadó.
As times go, agus an saol mar atá.
To go with the times, coimeád gob ar ghob leis an aimsir; géilleadh do nós na haimsire.
Go-ahead times, saol a mbeadh dul chun cinn ann.
The story has been handed down from olden times, tháinig an scéal ó bhéal go béal aniar ón tseanaimsir.
Times are hard, tá saol crua ann.
Heaps of times, go minic minic.
To keep up with the times, cos a choinneáil leis an saol.
This district has been lived in since the earliest times, tá cónaí sa dúiche seo ó thosach aimsire.
Times have changed a lot, tá athrú mór ar an saol.
Manners change with the times, ní lia aois ná gnás.
Ever so many times, fiche míle uair.
Modern times, an saol atá inniu ann.
I have three times as much as I want, tá a thrí oiread agam agus a theastaíonn uaim.
In times of need, lá an cháis.
Nine times, naoi n-uaire.
At odd times, corruair, scaití, anois agus arís.
In olden times, sa seansaol, sa seanreacht, fadó.
Times out of number, céad míle uair.
Ten times over, deich n-uaire i ndiaidh a chéile.
In times past, san am a chuaigh thart; san am fadó,
Piping times of peace, saol breá síochánta.
He comes at regular times, tagann sé go féiltiúil.
In remote times, na cianta ó shin.
For old times' sake, i gcuimhne an tseansaoil.
Three times round the track, say two miles, trí huaire thart an cúrsa, dhá mhíle, abair.
It is a sign of the times, tá sé ag cur leis an uair atá ann.
He is three times my size, tá mo thrí oiread ann.
Stirring times, laethanta corracha.
F: It was ten times worse, ba sheacht measa é.
The folly of the times, baois na huaire, na linne (seo).
In olden times, fad ó shin, san am fadó.
The good old times, an seansaol breá.
Those were happy times, b'aoibhinn a bheith beo an t-am sin; ba sona an saol é an uair sin.
In times to come, san am atá le teacht.
The times we live in, an saol atá anois ann, na saolta seo.
To be behind the times, bheith ar gcúl, seanaimseartha.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News