fiach1, m. (gs. féich, npl. ~a, gpl. ~).(Usually pl.) 1. Debt(s). Bheith, dul, i bhfiacha, to be in, get into, debt. Duine a chur i bhfiacha, to run s.o. into debt. ~a a bheith ag duine ort, to owe s.o. a debt. Bheith báite i bhfiacha, to be sunk in debt. Na ~a a íoc, a ghlanadh, to pay, clear, one’s debts. Lucht ~, creditors. Jur:~a amhrasacha, iarchurtha, teagmhasacha, tosaíochta, doubtful, postponed, contingent, preferential, debt. S.a. díol13. 2. Offence. Maith dúinn ár bhfiacha, forgive us our trespasses. 3. Cost, price. ~a na mbróg, the price of the boots. Scilling a fhiacha, it costs a shilling. 4. Obligation. ~a a bheith ort rud a dhéanamh; rud a bheith d’fhiacha ort (a dhéanamh), to be under an obligation to do sth. Tá sé d’fhiacha orainn ár gcuid a shaothrú, we are obliged to earn our living. Chuir sé d’fhiacha orm é a dhéanamh, he forced me to do it. Má tá sé d’fhiacha ort é a dhéanamh, if you must do it. Níl sé d’fhiacha ort teacht mura mian leat é, if you don’t want to come you needn’t.
fiach2, m. (gs. -aigh, npl. ~a, gpl. ~).1. ~ (dubh), raven. Chomh dubh leis an bh~, le cleite an fhiaigh, as black as a raven, as a raven’s feather. A duail ar dhath an fhiaigh, her raven locks. Is geal leis an bh~ dubh a ghearrcach féin, beauty is in the eye of the beholder. D’inis ~ é agus shéan feannóg é, there are contradictory reports about it. Ná creid feannóg agus ná creid ~, don’t rely on omens. Lá a mbeadh an ~ dubh ag cur amach a theanga, an exceedingly hot day. Tá sé sa leabhar ag an bh~ dubh, his days are numbered. S.a. scileadh2, teachtaireacht, toirt12. 2. ~ mara, cormorant.
fiach3, m. (gs. as s. -aigh, as vn. ~ta).1. vn. of fiach4. 2. Hunt, chase. Lá fiaigh, day’s hunting. Lucht fiaigh, huntsmen. Capall fiaigh, hunter. Madra, gadhar, fiaigh, sporting dog. Dul san fhiach, to join the hunt. Bheith chun fiaigh, to be fit for the chase; to be fit and well, able to earn one’s living. An ~ a chur ar dhuine, to chase s.o. away. Tugadh ~ an bhacaigh dom, I was chased like a beggar. Bhí sé ina fhiach eatarthu, they turned it into a chase. Cad é an ~ atá ort, fút? What are you chasing after? What is your hurry? 3. Game. ~ a fháil, to find game.
fiach4, v.t. Hunt, chase. Bheith ag ~, to be hunting, engaged in a hunt. Duine, rud, a fhiach, to give chase to s.o., sth. Ag ~ i ndiaidh ruda, chasing after sth. Ag ~ i ndiaidh na gealaí, asking for the moon. ~ uait iad, chase them away. ~adh as an áit mé, I was run out of the place. Tá an geimhreadh ~ta, the winter is past and gone. Tá an giorria ~ta (as an tor) againn, we have completed the harvesting operations, finished the job.