TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
please , v .tr . 1 (i) Taitním le ; (ii) tugaim pléisiúr do, sásaím (duine) . You are easily pleased , is furasta do shásamh . There's no pleasing him , níl sásamh le déanamh air . In order to please s.o ., le sásamh a thabhairt do dhuine . The plan pleases me , taitníonn an plean liom . Music that pleases the ear , ceol a chuireas aoibhneas ar an gcluais . Please yourself! déan do chomhairle féin! 2 a Impers . Please God , le cuidiú Dé . b (If you) please , le do thoil ; más é do thoil é . Please tell me . . ., ar mhiste leat a insint dom . . . May I? -Please do! ar mhiste leat? -- Oibrigh leat! Please be seated , bí i do shuí . Please to return this book , cuirtear ar ais an leabhar seo . 3 Abs . To do as one pleases , an rud is toil leat féin a dhéanamh . Do as you please , déan mar a thogrós tú féin . S.a. COOL1 1.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is a man of pleasing address , duine aoibhiúil, suáilceach, é .
He arranged matters as to please everyone , shocraigh sé na gnóthaí ar dhóigh a shásódh gach aon duine .
She is as pleased as can be , tá sí chomh sásta le píobaire .
No comments, please! ná habairtear dada .
(In correspondence) Please accept my compliments , beir beannacht uaim .
Journ : 'American papers please copy' , 'cuirtear i bpáipéir Mheiriceá' .
F : Please crush up a little , conlaigh chugat ansin le do thoil .
Please don't disturb yourself , ná corraigh .
May I open these letters? -- Please do , an osclóidh mé na litreacha seo? -- Oscail, le do thoil .
Enclosed (herewith) please find ..., istigh leis seo gheobhaidh tú ...
I am ever so pleased with it! táim lánsásta leis!
I did it expressly to please you , rinneas é d'aon ghnó chun tusa a shásamh .
'To be forwarded', 'please forward' , 'ar aghaidh, le do thoil' .
You are free to do as you please , féadfaidh tú do rogha rud a dhéanamh ; níl stad ná stopadh ort .
To be graciously pleased to do sth ., deonú rud a dhéanamh.
He was granted permission to do what he pleased , tugadh cead dó a rogha rud a dhéanamh .
Please keep off the grass , ná téirigh isteach ar an bhféar .
He is hard to please , is doiligh a shásamh .
Go and see him, if only to please me , téigh ag breathnú air, mura mbeadh ann ach le mise a shásamh .
Ill to please , deacair a shásamh, doshásta .
Please answer immediately , freagair láithreach, le do thoil .
Jolly pleased , breá sásta .
Just as you please! do chomhairle féin! mar a thogrós tú féin!
Just sit down, please , ar mhiste leat suí .
Please let us know , cuir scéala chugainn le do thoil .
He laid himself out to please them , chuir sé faoina choinne féin iad a shásamh .
Give me a light please , tabhair dom deargadh le do thoil .
Pleased to meet you , cén chaoi bhfuil tú?
One moment, please! fan ort!
Some more bread, please , tuilleadh aráin le do thoil .
What pleased me most , an rud is fearr a thaitin liom .
Move on, please , coinnígí oraibh ag siúl .
She is, needless to say, very pleased , tá sí an-sásta, ní nach ionadh .
(In shop) What next, please? a dhath eile?
There is no pleasing him , níl sásamh le déanamh air ; ní féidir é a shásamh .
Please turn over, P.T.O. , anonn .
To be pleased with sth ., bheith sásta le rud .
F : He is very well pleased with himself , tá sé an-ríméadach as féin .
I was pleased at the news , thaitin an scéala liom .
He was anything but pleased , dheamhan sásamh ná sásamh bhí air .
F : He is as pleased as Punch , tá sé chomh ríméadach leis na cuacha .
He will be very pleased to do it , déanfaidh sé é agus fáilte .
Com : I am pleased to inform you that . . ., is maith liom a chur in iúl duit ...
The Minister is pleased to reward your services , is mian leis an aire cúiteamh a thabhairt duit as do sheirbhís .
Be pleased to accept this gift , deonaigh glacadh leis an mbronntanas seo .
Pleasing countenance , gnúis lách .
Com : In reply please quote this number , ag freagairt duit luaigh an uimhir seo, le do thoil .
Please remove the candle a little , druid uaim an choinneal beagán le do thoil .
Sign please! d'ainm anseo le do thoil .