raise, v.tr.1a(Erect) Cuirim (dréimire, crann seoil) ina sheasamh; tógaim (duine atá ar lár). To raise the standard of revolt, bratach na ceannairce a chur le crann. bTo raise s.o. from the dead, duine a thógáil ó mhairbh. cTo raise game, géim a dhúiseacht. To raise the people, na daoine a ghríosú(against, in aghaidh). 2Tógaim (caisleán, leacht). 3Tógaim (clann, beithígh); cothaím (beithígh); saothraím (glasraí, etc.). 4aTo raise a bump, cnap a thógáil. To raise steam, gal a dhéanamh. It raised a storm of laughter, chuir sé an saol ag gáire. S.a. WIND1 1. To raise a smile, gáire a bhaint amach. To raise a hope, dóchas a mhúscailt. bTo raise a cry, béic a ligean. No one raised his voice, níor labhraíodh focal, cTo raise an objection, agóid a chur sa scéal. To raise a question, ceist a tharraingt anuas. 5(Elevate) aTógaim, ardaím (lámh, etc.). To raise one's glass to one's lips, do ghloine a chur le do bhéal. To raise a ship, soitheach a chur sa snámh arís. S.a. DUST1 1, HAT. bTo raise s.o. to power, duine a chur i réim. To raise (up) s.o. from poverty, duine a thógáil, a ardú, as an mbochtaineacht. To raise s.o.'s hopes, dóchas a thabhairt do dhuine. To raise s.o.'s spirits, misneach a chur i nduine. 6aCrochaim, ardaím (dallóg, fuinneog). bTo raise camp, an campa a scor. cTo raise one's voice, do ghlór a ardú. dTo raise the price of flour, an plúr a thógáil, a ardú. To raise s.o.'s salary, tuarastal duine a mhéadú. 7aTo raise an army, arm a thógáil. bTo raise money, airgead a sholáthar. To raise funds by subscription, airgead a chruinniú ina shíntiúis. To raise money on an estate, iasacht airgid a fháil ar eastát. c(Of the State) To raise a loan, iasacht a chruinniú, a bhailiú. 8To raise a spirit, sprid a mhúscailt. S.a. CAIN. 9Nau: To raise the land, teacht ar amharc na talún. 10To raise a siege, (i) scor den léigear; (ii) léigear a bhriseadh.