Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cheat · eat · hat · heart · heath
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh heat »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
heat1, s. 1 a Teas m -a. In the heat of the day, i mbrothall an lae. b Ph: etc: Teas. Specific heat, sainteas m. Heat efficiency, toradh m teasa. c Metall: Goradh m. Red heat, goradh dearg. White heat, goradh geal. To raise iron to a red, a white, heat, goradh dearg, goradh geal, a thabhairt d'iarann. d Cu: Teas, teocht f -a. 2 (Passion) He got into a heat, tháinig fearg air, chuaigh sé le buile. He replied with some heat, thug sé freagra go lasánta. Heat of youth, díograis f na hóige. In the heat of the moment he said it, dúirt sé é nuair a bhí sé tógtha. 3 Med: Bruth m -a, gríos m (ar chraiceann). 4 (Of animals in season) Adhall m (ar mhadra); dáir f (ar bhó); eachmairt f (ar láir); clíth m (ar mhuc); reith f (ar chaora, ar ghabhar); catachas m (ar chat). 5 Sp: Rac: Starr f, dreas m -a. Dead heat, coimhlint chothrom.
heat2 . 1 v.tr. Téim. 2 v.i. Téann.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Heat apoplexy, apaipléis teasa.
Ardent heat, teas láidir
F: We are baking in the heat, tá muid bruite ag an teas.
He can’t bear heat, níl aon acmhainn ar an teas aige.
Jur: To heat a case in chambers, cúis a thriail i ndlísheomra.
He is complaining of the heat, tá sé ag fuasaoid, ag casaoid, ag gearán, faoin teas.
Damp heat, meirfean bog.
To develop heat, teas a ghiniúint.
The effect of heat upon metals, oibriú teasa ar mhiotail.
To feel the heat, the cold, an teas, an fuacht, a mhothú.
House-heating furnace, sorn m téite tí.
Heated debate, caibidil chorrach; díospóireacht theasaí.
Heating action of the sun, téamh m na gréine.
Central heating, téamh lárnach.
Heating power, cumhacht f théite.
Heating apparatus, gléas m téite.
Body that imparts heat, rud a thugas teas uaidh.
Heat insulation, teasdíonadh m.
Heat insulator, teasdíontóir m.
Ph: Latent heat, teas folaigh.
Liberation of heat, giniúint f teasa.
Midday heat, brothall m an mheán lae.
Overcome by the heat, marbh ag an teas.
Over-powering heat, teas marfach.
Prostrated by the heat, sleabhctha ag an teas.
Heating quality of turf, cumas téite mona.
Radiant heat, teas m radanta.
The heat that radiates from the sun, an teas a spréitear ón ngrian.
To recuperate waste heat, teas fuílligh a athsheoladh.
Brick is a retainer of heat, coimeádaí m teasa an brice.
Sp: To run off a heat, dreas a rith.
Scorching heat, bruth m teasa.
Sensible heat, teas inmhothaithe.
Heated by steam, galtéite.
To store up heat, teas a thaisceadh.
Sweltering heat, beirfean teasa; brothall thar meán.
The heat takes it out of me, goilleann an teas orm.
To transform heat into energy, teas a chlaochlú go fuinneamh; fuinneamh a dhéanamh de theas.
Transformation of heat into energy, déanamh fuinnimh de theas; claochlú teasa chun fuinnimh,
The heat has turned the milk sour, ghéaraigh an teas an bainne.
Under-heated, gan a bheith sách téite.
Welding heat, teas m táite.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht