show1, s.1Taispeáint f -ána. Show of hands, comhaireamh m lámh. F: The show pupil of the class, an scoláire a chuirtear i láthair. 2aTaispeántas m (earraí, ealaíne, etc.). P: To go to a show, dul chuig amharclann, pictiúrlann. bSeó m. He made a show of himself, rinne sé sceith béil de féin. cRadharc m, feic m. It made a poor show, ba bhocht an feic é, ní raibh aon bhláth air. dTo give s.o. a fair show, cothrom a thabhairt do dhuine. He got no show there, ní bhfuair sé comhaireamh na sop ann. 3aCosúlacht f, dealramh m. With some show of reason, agus beagán den cheart aige (acu, etc.). They made a great show of friendship, rinne siad lústar mór carthanais. bCur m i gcéill, mustar m. He is fond of show, is maith leis an solas a bheith air. To make a show of learning, cumaí an léinn a chur ort féin. He did it for show, lena thabhairt le fios a rinne sé é. 4Gnó m. To run the show, an gnó a stiúradh. He owned the whole show, ba leis an gleann is a raibh ann. S.a. GIVE AWAY 3.
show2,Iv.tr.1aTaispeánaim(sth. to s.o., rud do dhuine). To show the colours, an bhratach a spré. What can I show you, madam?cad ba mhaith leat, a bhean uasal?To show a picture on the screen, pictiúr a chur ar an scáileán. To show one's cards, one's hand, (i) na cártaí a chur ar an mbord; (ii) do rún a nochtadh. Nau: To show a light, solas a iompar. He has sth. to show for his money, tá rud éigin ar son a chuid airgid aige. He won't show his face here again, ní fheicfear anseo feasta é. To show oneself at a party, do cheann a chur isteach ag cóisir. (Of thg.) To show itself, teacht i radharc. S.a. HEEL1 1. bLéirím. Machine shown in sections, meaisín a léirítear ina chodanna. cAs shown in the picture. mar a fheictear sa phictiúr. (Of watch) To show the time, an t-am a thaispeáint. The indicator shows a speed of. . ., tá luas ... le léamh ar an treoir. It shows a profit, tá brabach dá bharr. 2aTo show s.o. the way, an bealach a thaispeáint do dhuine; duine a chur ar a eolas. S.a. DOOR. bShow him to his room, treoraigh, tabhair, chuig a sheomra é. Let me show you round, déanfaidh mé do chomóradh ar fud na háite. To show s.o. to his seat, duine a chur ina shuíochán. To show s.o. into a room, duine a thabhairt isteach i seomra. 3aHe showed intelligence, chruthaigh sé go raibh intleacht aige. To show an interest in sth., a thabhairt le fios go bhfuil spéis agat i rud. His face showed his delight, bhí an t-áthas le haithint ar a ghnúis. His speech shows his opinion, is léir a thuairim óna chaint. He shows his age, tá a aois le haithint air. To show one's true character, do bhealach féin a nochtadh. Abs.Time will show, is maith an scéalaí an aimsir. S.a. FIGHT1 2, HOSPITALITY. bNochtaim. He showed his teeth at me, scamh sé na fiacla chugam. Garment that shows the figure, ball éadaigh a luíonn leis an gcabhail. cIt shows him to be a coward, cruthaíonn sé gur cladhaire é. Abs.I'll show you!tabharfadsa le fios duit!To show cause, reason, fáth a thabhairt, cúis a shuíomh. IIv.i.Nochtann, tagann i radharc. The buds are beginning to show, tá na bachlóga ag teacht amach. He never shows at any of the meetings, ní bhíonn sé choíche le feiceáil ag aon chruinniú acu.