Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: batter · beater · bitter · butter · fetter
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é better de: good » · well »
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh better »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
better1 . 1 a. & s. a This one is better than that one, is fearr an ceann seo, tá an ceann seo níos fearr, ná an ceann sin. F: They have seen better days, bhí lá agus bhí rathúnas acu; daoine iad a baineadh as a gcleachtadh. You will find no better hotel, ní bhfaighidh tú a bhualadh, a shárú, mar theach aíochta. He is a better man than you, is fearr d'fhear é ná thusa. He is far better than John, níl aon ghoir ag Seán air. He is bad, and she is no better, tá seisean go holc, is ní taise di sin. Show respect to your betters, tabhair urraim don mhuintir atá os do chionn. For the better part of the day, an mhórchuid den lá. S.a. HALF 1, WORLD 1 b That's better, is fearr sin; is fearr mar sin é. It couldn't be better, níl sárú le déanamh air, tá sé ar fheabhas an domhain. So much the better, is amhlaidh is fearr é. To do sth. for better or worse, rud a dhéanamh, maith olc an lorg a bheas (bheadh) air. To take s.o. for better or worse, glacadh le duine le maith nó le holc. To get better, dul i bhfeabhas, feabhsú, bisiú. The weather is better, tá feabhas ar an aimsir. He is better (in health), tá biseach air. A change for the better, iontú m bisigh. To get the better of s.o., (i) an ceann is fearr a fháil ar dhuine; (ii) (cheat) cleas a imirt ar dhuine, dul i mbarr ruda ar dhuine. You'll be (all) the better for that, is fearrde thú sin. S.a. ALL I. 3 To go one better than s.o., duine a shárú. c It is better that it should be so; better so, mar sin is fearr é; is amhlaidh is fearr é. It is better to go away than stay, is fearr imeacht ná fanacht. 2 adv. a Níos fearr. Better and better, níos fearr agus níos fearr. I know that better than you, is fearr a fhios sin agamsa ná agatsa. You had better stay, is fearr, b'fhearr, duit fanacht. He thought better of it, rinne sé athsmaoineamh air, rinne sé athchomhairle. Better still, agus rud is fearr ná sin arís. S.a. LATE II. 1 b Better dressed, cóirithe níos fearr. Better known as Seáinín Beag, nó Seáinín Beag mar a thugtar go coitianta air.
better2 . 1 v.tr. a Feabhsaím, cuirim feabhas ar. He bettered himself, chuir sé é féin chun cinn, chun tosaigh. b Sáraím (beart oibre, gaisce, etc.). 2 v.i. Bisíonn, feabhsaíonn.
better3, bettor, s. Gealltóir m.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Better able to do it, níos fearr chun a dhéanta.
He will do it better than any man alive, níl aon fhear beo a dhéanfas é chomh maith leis.
All the better, the worse, is amhlaidh is fearr, is measa, é.
You are all the better for it, is fearrde thú é.
To alter sth. for the better, rud a fheabhsú.
To alter for the better, dul i bhfeabhas.
It is getting better and better, ag bisiú ar fad atá sé.
He is not any better to-day, níl feabhas ar bith inniu air, níl sé pioc níos fearr inniu.
That is far and away better, is fearr sin go mór (ná...).
(With comparative or superlative) He is better than John, is fearr é ná Seán, tá sé níos fearr ná Seán.
I am better, tá feabhas orm; tá biseach orm.
He became worse, better, chuaigh sé chun donachta, chun feabhais.
It is becoming colder, better, tá sé ag dul i bhfuaire, i bhfeabhas.
Better bend than break, is fearr lúbadh ná briseadh.
Better-class houses, tithe fiúntacha.
I want one of the better-class cloths, éadach fónta atá uaim.
Change for the better, biseach m, iompú m bisigh.
It changed for the better, tháinig iompú bisigh air; chuaigh sé i bhfeabhas; (of weather) bhisigh sé.
He is a good deal better, tá feabhas mór air.
He thought discretion the better part of valour, mheas sé gurbh fhearr rith maith ná drochsheasamh.
He is distinctly better, níl (aon) amhras nach bhfuil feabhas air.
He writes better than I do, is fearr a scríobhann sé ná mar a scríobhaimse.
He is getting better every day, tá sé ag dul i bhfeabhas in aghaidh an lae.
I would expect nothing better of him, ní dhlífinn a mhalairt de.
It is far better, is fearr i bhfad, go mór, é.
I feel all the better for it, mothaím feabhas mór orm féin dá bharr.
I am not the better for it, ní fearrde mé é.
F: You'd better keep friends with them, is é do leas fanacht istigh leo.
To go one better than s.o., an barr a bhaint de dhuine
No one writes better so far as style goes, níl aon duine is fearr ag scríobh ná é i dtaca le stíl de.
F: My better half, mo chéile cóir.
I had better say nothing, b'fhearr dom gan a dhath a rá.
Two heads are better than one, is fearr dhá chloigeann ná ceann.
Until we are better informed, go mbeidh a thuilleadh eolais againn.
I did it against my better judgment, os cionn mo chéile a rinneas é.
When I got to know him better, nuair a chuaigh mé in aitheantas air.
He knew better than to . . ., thug sé dá aire nach . . .
I know better (than that), (i) is eol dom a athrach sin; (ii) ní heagal dom! baol orm!
He knows better than to do it, ní heagal dó a dhéanamh.
You ought to know better at your age, ba chóir go mbeadh a athrach de chiall agat san aois ina bhfuil tú.
Better late than never, is fearr go mall ná go brách; is fearr déanaí ná ródhéanaí.
I have learnt better since then, fuaireas ciall cheannaithe ó shin.
A less known man would be better, b'fhearr fear nach mbeadh oiread aithne air.
The less you think about it the better, dá laghad machnamh a dhéanfair air is ea is fearr.
A better man never lived, fear ab fhearr ná é níor sheas riamh i mbróg.
No living man could do better, níl aon fhear beo a dhéanfadh níos fearr. s.
Half a loaf is better than no bread, is fearr leath ná meath; is fearr líogram lag ná bheith folamh ar fad.
I feel lots better, braithim i bhfad níos fearr.
Better luck next time! beidh lá eile ag an bPaorach!
F: The grey mare is the better horse, ar an mbean atá an bríste.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht