Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cae · caise · cas · caste · cause
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh case »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
case1, s. 1 Cás m, cúis f. The case in point, an cás atá i dtreis. Jur: A case in point, cás m den chineál. F: To quote a case in point, cás a bhaineas leis an scéal a lua. Should the case occur, dá dtarlaíodh a leithéid. This is not the case, ní hamhlaidh atá. If that is the case, más amhlaidh atá. That is often the case, is minic amhlaidh é. That alters the case, sin scéal eile. It is a hard case, is bocht an scéal é. It is a case for the doctor, is cás don dochtúir é. F: It's a case, níl ann ach iad. In any case, ar aon chaoi, ar aon chuma. As in the case of..., mar a tharla i gcás . . . Do it, just in case, déan é, ar eagla na heagla. Such being the case . . ., ó tharla gurb amhlaidh atá. That is not the case with her, ní hé a fhearacht sin aicise é. In most cases, i gcoitinne, go hiondúil. 2 Med: a Cás m (galair). b Othar m. Mil: The serious cases, an dream tromghonta. 3 a Jur: Cúis f, cás m. To state the case, an cás a shonrú. b The case for the Crown, cás m an Stáit. There is no case against you, níl cúis ar bith i d'aghaidh. To make out a case against s.o., cúis a chur in aghaidh duine. 4 Gram: Tuiseal m.
case2, s. 1 Case of goods, cás m earraí. 2 a Cás m, bosca m (le haghaidh seod, veidhlín, acraí). b (Display) case, cás m taispeána. 3 a Cás m (pianó, orgáin). b Cás m (uaireadóra). 4 = CASING 5 a Bookb: Cás m. b Filing-case, comhadchás m. 6 Pillow-case, clúdach m piliúir. 7 Typ: Cás m. Upper case, cás mór. Lower case, cás beag.
case3, v.tr. 1 To case goods (up), earraí a chur i gcásanna, i mboscaí. 2 a Clúdaím(with, le); cuirim cumhdach (leathair, etc.) ar. b Bookb: Cuirim cás ar (leabhar). 3 To case a well, líneáil a chur le tobar.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I acquainted him with the facts of the case, chuireas an scéal go hiomlán ina láthair.
Take an actual case, breathnaigh ar shampla corpartha.
To adjudicate in a case, cás a shocrú; breith a thabhairt i gcás.
That alters the case, cuireann sin dreach eile ar an scéal; sin scéal eile.
This applies to my case, tá feidhm aige seo i mo chás-sa.
Let us assume that such is the case, abraimis gur mar sin atá.
Border-line case, cás atá idir eatarthu.
Bookb: Casing (in), clúdach m.
Jur: To heat a case in chambers, cúis a thriail i ndlísheomra.
Clear case of bribery, cás cinnte breabaireachta.
When these cases come before the court, nuair a chuirfear na cúiseanna seo os comhair na cúirte.
The case comes on to-morrow, amárach a bheas an chúis á plé.
The case comes up for hearing to-morrow, beidh triail na cúise ar siúl amárach; beidh an chúis faoi thriail amárach.
That is not the case, as you may well conceive, ní hamhlaidh atá, faoi mar tuigfear go réidh duit.
Jur: Concrete case, cás a tharla.
Jur: He conducted his own case, phléigh sé, throid sé, a chúis féin (sa chúirt).
Should a contingency arise, in case of a contingency, dá dtarlaíodh rud gan choinne. (b)
Med: Control case, cás m cóimheasta.
The demands of the case, riachtanais an cháis.
Case which is under dispute, cúis atá á plé.
All cases are embraced in . . ., tá gach uile chás i . . .
In case of emergency, ar uair na práinne.
An extreme case, cás thar meán.
To adjourn a case for a fortnight, cúis a chur ar athló go ceann coicíse.
To remand a case for further enquiry, cúis a chur ar athló chun tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh.
To keep sth. in a glass-case, (i) rud a chur i dtaisce faoi ghloine; (ii) F: gan an ghaoth féin a ligean chun ruda.
Metall: (Case-)hardening, screamhchruachan f.
Jur: To hear a case, cúis a éisteacht.
Hearing of the case, éisteacht na cúise.
Med: A case in which a certain treatment is indicated, cás nach mór cóireáil áirithe dó.
The case was remanded for further inquiry, cuireadh an cás ar gcúl go bhfaighfí tuilleadh eolais.
In case of intestacy the eldest child inherits the property, nuair nach ndéantar tiomna titeann an oidhreacht leis an duine is sine.
Isolated case, cás ar leith, aonarach.
Leading cases, cásanna treorach.
Like cases, cásanna cosúla.
He lost the case, teilgeadh, caitheadh, é; chaill sé an chúis.
A mental case, othar m meabhrach.
Jur: The merits of a case, tuillteanas an cháis.
It was a case of absolute necessity, ní raibh dul taobh anonn de.
In case of necessity, nuair is gá, in am riachtanais.
If need(s) be, in case of need, má bhíonn sé riachtanach; más gá.
In the nominative (case), sa tuiseal ainmneach.
Gram: Objective case, tuiseal cuspóireach.
Gram: Oblique case, claontuiseal m.
Should the case occur, más amhlaidh a tharlóidh.
Jur: To open the case, an cás a thionscnamh.
The possessive(-case), (an tuiseal) sealbhach (m).
A case of the pot calling the kettle black, an óinseach ag aoir ar an amadán.
The case is pressing, tá cruóg leis an gcás.
Let us presume that such is the case, abraimis gur mar sin atá.
Creidim ionat
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht