Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cist · fast · fiat · first · fis
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh fist »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fist, s. 1 Dorn m. To fight with one's fists, dornáil f; troid leis na doirne. He went for them with his fists, ghabh sé de dhoirne orthu. He clenched his fist, rinne sé dorn dá láimh. To shake one's fists at s.o., an dorn a bhagairt ar dhuine. She had something in her fist, bhí rud éigin i gcúl a doirn aici. 2 F: To make a good fist of a job, lámh mhaith a dhéanamh d'obair. 3 He writes a first-class fist, tá lorg breá láimhe aige. 4 P: Crág f, crúb f. Give us your fist, sin chugam do lapa.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To bang on the table with one's fist, tailm, dorn m, a bhualadh ar an mbord.
He doubled (up) his fist, dhún, d'fháisc, sé a dhorn.
Hand over hand, hand over fist, gach dara lámh.
He is making money hand over fist, tá sé ag mámáil airgid.
The mailed fist, an lámh láidir.
To fight with naked fists, troid le doirne teo.
He shook his fist at me, bhagair sé a dhorn orm.
To strike your fist on the table, do dhorn a bhualadh ar an mbord.
P: He’s pretty useful with his fists, tá doirne maithe aige.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht