Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh go through »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
go through, v.i. 1 a Téim trí (pholl); siúlaim (áit, etc.); taistealaím (tír). A shiver went through me, chuaigh creathán tríom. b Déanaim (cúrsa ollscoile). He went through his apprenticeship, chuir sé isteach a phrintíseacht. To go through the whole programme, an clár a chríochnú. c The book has gone through ten editions, tá deich n-eagrán den leabhar curtha amach. d Comhlíonaim (deasgnátha); cuirim díom (drochlaethanta). F: I have gone through it, tá mo chion féin de feicthe agam. e Pollaim, téim trí (rud). This cold goes right through me, tá an fuacht seo ag dul go cnámh ionam. f Iniúchaim go cruinn, mionscrúdaím; seiceálaim (cáipéis); ransaím (pócaí duine). g Scaipim, reicim (ollmhaitheas). 2 a The bill has gone through, tá an bille ina dhlí. The bill did not go through, níor hachtaíodh an bille. The deal did not go through, níor críochnaíodh, níor rinneadh, an margadh. b He went through with it, thug sé chun críche é; chuaigh sé go bun an angair leis. We've got to go through with it, níl dul as againn ach leanúint go deireadh na scríbe.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Adm: To go through the official channels, dul tríd an ngnáthrith oifigiúil.
To go through a course, cúrsa a dhéanamh.
He has gone through the fire(s) of adversity, chuaigh sé faoi bhráca na hainnise.
F: He went through the form of refusing, chuir sé comharthaí an eiteachais de; chuir sé gothaí eiteachais air féin.
F: To go, pass, through the mill, dul faoi na súistí.
He went through a terrible ordeal, fuair sé sceimhle.
A young person goes through many phases, is iomaí craiceann a chuireann an óige di.
He went through the war without a scratch, chuaigh sé tríd an gcogadh gan cleite a chailleadh.
To go through the shops, seirbhís printísigh a chur isteach (i monarcha).
The bullet went straight through his leg, chuaigh an piléar cruinn díreach trína chois.
F: To go through s.o.'s pockets, pócaí duine a chuardach, a ransáil.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht