Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: do out · get out · go about · go at · gout
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh go out »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
go out, v.i. 1 a Téim amach. Out you go! amach leat! To go out (on strike), dul ar stailc. I am going out to dinner to-day, íosfaidh mé mo dhinnéar amuigh inniu. My heart went out to him, do gheal mo chroí dó. b To go out washing, dul ag níochán ar phá. c Téim i measc daoine. I never go out, ní chorraím amach in aon chor d To go out to Australia, dul go dtí an Astráil e Téann (scéal, etc.) amach. This communiqué should never have gone out, níor chóir an scéal seo a scaoileadh amach in aon chor. 2 It has gone out of fashion, tá sé caite i dtraipisí, san aer 3 Ceiliúrann, imíonn. All the hatred had gone out of his voice, ní raibh aon phioc den fhuath fágtha ina ghlór. 4 Pol: Cailleann cumhacht rialtais. 5 I went out of my way, chuireas aistear orm féin. S.a. WAY1 2(a). 6 (Of fire) Múchann, téann in éag. 7 (Of tide) Tránn.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
His condition would not allow of his going out, ní fhéadfadh sé dul amach ag an mbail a bhí air.
He went out (just) as I came in, chuaigh sé amach (go díreach) agus mé ag teacht isteach.
Things are going, turning out, badly, níl ag éirí go rómhaith leis na gnóthaí.
He went out bareheaded, chuaigh sé amach ina mhaoil.
They went out bodily, chuaigh an t-iomlán acu amach in aon slua amháin.
To go out charring, dul ag siobáil; dul ar phá lae; glantachán tí a dhéanamh ar phá lae.
You will catch your death, if you go out in this weather, gheobhfaidh tú galar do bháis, má ghabhann tú amach a leithéid seo d'aimsir.
Either come in or go out, tar isteach, é sin nó gabh amach.
Come in or else go out, tar isteach, é sin nó gabh amach.
F: I am not going to pull the chestnuts out of the fire for him, ní chuirfeadsa mé féin i gcontúirt chun breith ar a aithreachas a thabhairt dósan.
Aut: To go flat out, imeacht sínte.
He went out for water, chuaigh sé amach faoi dhéin, i gcoinne, uisce.
Out (in, over, etc.) he went, amach (isteach, anonn, etc.) leis.
He likes going out, is breá leis éirí amach
When I had dined I went out, nuair a bhí mo dhinnéar caite agam chuaigh mé amach.
If you have finished your work, you may go out, má tá do chuid oibre críochnaithe agat, féadfaidh tú dul amach.
His name has gone out of my head, tá dearmad déanta dá ainm agam.
To go out to see the illuminations, dul amach leis na soilse a fheiceáil.
To go out in the rain, dul amach faoin bhfearthainn.
He is just going out, anois díreach atá sé ag dul amach.
Your going out so often isn't liked, níltear sásta le tú a bheith ag dul amach chomh minic sin.
It is sheer madness to go out in this rain, díth céille ceart é dul amach faoin mbáisteach seo.
To go, pass, out of mind, dul i ndearmad.
It went out of my mind, d'imigh sé as mo cheann, as mo chuimhne.
To go out of one's mind, dul as do chiall; do chiall a chailleadh.
If fine we shall go out, if not, not, má bhíonn an aimsir go breá rachaimid amach, mura mbeidh, ní rachaidh.
He does nothing but go in and out, ní stopann sé ach ag dul isteach agus amach.
He went out with the ostensible object of. . . chuaigh sé amach mar dhea go, i leith agus go. . .
To go out, dul amach.
Out you go! amach leat!
She doesn't go out much, is annamh a théann sí i lúb cuideachta.
He went all out for it, rinne sé a sheacht ndícheall é a bhaint amach.
To go out of the house, dul amach as an teach.
I’ll go out and see, rachaidh mé amach go bhfeicfidh mé.
He seldom if ever goes out, is beag a théann sé amach, má théann amach in aon chor.
To go out to service, dul ar aimsir chuig duine.
She went out stern first, chúlaigh sí amach.
To go, to come out, on strike, dul ar stailc; stailc a chur suas.
As sure as I go out it rains, chomh luath agus a théim amach fliuchann sé.
To go out unobserved, dul amach gan fhios.
He went there with a view to finding out the truth, d'iarraidh na fírinne a chuaigh sé ann.
He went out to walk off his meal, chuaigh sé amach ag traoitheadh a bhoilg.
F: He went out of his way to oblige me, chuir sé dua air féin le gar a dhéanamh dom.
He went out of his way to provoke a quarrel, chuaigh sé in airicis na bruíne.
He seems to go out of his way to get hurt, déarfá gur d'aonghnó a théann sé i mbealach a bhasctha.
I met him when he was going out, bhuail mé leis agus é ag dul amach.
He went out for a whiff of air, chuaigh sé amach go bhfaigheadh sé lán a bhéil den aer.
He went out into the wilds, chuaigh sé amach san fhásach.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht