TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
joy , s . Áthas m , lúcháir f . She was leaping for joy , bhí sciatháin faoina croí . Oh joy! nach aoibhinn é! I wish you joy of it , go dté sé ar biseach duit ; go maire tú é . The joys of the countryside , aoibhneas na tuaithe .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Access of joy , tallann f lúcháire .
This news added to our joy , mhéadaigh an scéala seo ar ár lúcháir .
My heart beats with joy , tá mo chroí ag preabarnach le lúcháir .
His heart bounded with joy , léim a chroí le lúcháir .
He was bubbling over with joy , bhí sé ag dul as a chraiceann le lúcháir .
He was carried away by joy , bhí sé ag imeacht as a chraiceann le gliondar .
He cannot contain himself for joy , tá sé ag imeacht as a chranna cumhachta le háthas .
He was dancing for joy , bhí sé ag rince le háthas .
He was delirious with joy , bhí sceitimíní air le háthas ; bhí sé i dtrithí áthais .
He drank (of) the cup of joy , bhí saol sona (tamall) aige .
To be in an ecstasy of joy , bheith i dtáimhnéal áthais .
To jump for joy , bheith ag léimneach le háthas .
Frantic with joy , ar mire le neart áthais .
Her face glowed with joy , bhí gríosghrua le gliondar uirthi .
The joy-bells were ringing , bhí na cloig ag ceiliúradh .
He was leaping for joy , bhí sé ag léimneach as a chraiceann le háthas .
He was mad with joy , bhí sé ar na starrtha le neart áthais .
He was overwhelmed with joy , tháinig tocht air le teann lúcháire .
Joy shines in his face , tá aoibh ar a cheannaithe .
To skip for joy , bheith ag princeam, ag damhsa, le háthas .
He gave a start of joy , phreab sé le teann lúcháire .
She wept tears of joy , bhí deora áthais léi .
She was thrilled with joy , chuaigh drithlín gliondair tríthi .
His heart throbbed with joy , phreab a chroí le háthas .
She was in transports (of joy) , bhí eiteoga faoina croí ; bhí sceitimíní (áthais) uirthi .
To be transported with joy , bheith ag cur do chroí amach le háthas .
Bot : Traveller's joy , gabhrán m .
She wept for joy , ghoil sí le barr áthais .
To welcome s.o. with joy , gairdeas a dhéanamh roimh dhuine .
The joy you feel at Christmas , an t-áthas a bhíonn faoi Nollaig ort, ar dhuine .