miss1, s.1Urchar m iomrallach, iarracht f in aisce. Bill: Fásbhuille m. A miss is as good as a mile, ní fearr Éire ná orlach. F: I gave it a miss, níor bhac mé leis. 2P: He is no great miss, déanfar dá uireasa; is beag an chaill é.
miss2, v.tr.1a(Fail to hit or find) Tugaim buille iomrallach ar; teipeann orm (rud) a aimsiú. He missed the inarb, d'fheall an t-urchar air. Abs.He never misses, níor chaith sé aon urchar iomrallach riamh; níor fheall an iarraidh riamh air. To miss the point (in one's answer), freagra seachránach a thabhairt. Bill: To miss, fásbhuille a thabhairt. bTo miss one's way, dul ar seachrán sa tslí; dul amú. He missed his footing, bhain tuisle dó; thug sé céim fholamh. cI missed him, níor éirigh liom casadh leis. dCaillim (an traein, etc.). He missed the train, d'imigh an traein air. eLigim (faill) tharam, faillím (mo dheis). An opportunity not to be missed, deis nár mhór a thapú. F: You haven't missed much, níor chaill tú mórán. To miss the market, an margadh a ligean uait. fI missed my holidays this year, ní bhfuair mé saoire ar bith i mbliana. gCaillim (an tAifreann, etc.). He never misses a match, ní ligeann sé cluiche ar bith thairis. hHe narrowly, just, missed being killed, dóbair go marófaí é; chuaigh sé faoi aon dá mharú. iHe missed the joke, níor léir dó an greann a bhí ann. You can’t miss the house, ní féidir duit gan an teach a fheiceáil (ar do bhealach). 2(Omit) To miss (out) a word, dul thar fhocal. I missed out the fish course, níor bhac mé leis an iasc. 3a(Notice absence of) Airím uaim, crothnaím. I missed my purse, thug mé faoi deara nach raibh mo sparán agam. It will never be missed, ní chuirfear crothnú choíche ann. b(Feel want of) Airím uaim, mothaím uaim, crothnaím (duine). They will miss one another, crothnóidh, aireoidh, siad a chéile.
miss3, s.1Miss Ward, Iníon Mhic an Bhaird. Miss O'Donnell, Iníon Uí Dhónaill. 2The bill, Miss, an cuntas, a chailín. 3Hum: A modern miss, giodróg f de chuid na haimsire seo.