Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: turner · tuirne · tune · tuner · tureen
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é turned de: turn »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
turned, a. 1 (Lathe-, machine-)turned, deilte, meaisíndeilte. 2 (Of clothes) Iompaithe (taobh tuathail amach); (of soil) deargtha.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was turned adrift in the world, tugadh air treabhadh as a eireaball féin.
He turned it to advantage, chuir sé chun sochair dó féin é.
(Of event) It turned out to his advantage, is é rud a chuaigh sé ar sochar dó.
He turned away with an assumption of indifference, d'iompaigh sé i leataobh is é ag ligean neamhshuime air féin.
He turned his attention to sth. else, leag sé a intinn ar rud éigin eile.
He turned (his face) away from me, chor sé thart a cheann uaim.
He turned his back on me, (i) thug sé a chúl liom; (ii) d'fhág sé ansin mé.
F: He turned the house into a bear-garden, chuir sé íochtar an tí ar uachtar; rinne sé cíor thuathail den teach.
He turned a blind eye to it, lig sé air féin nach bhfaca sé é.
It turned his brain, chuaigh sé ina cheann dó, d'éirigh sé sa chloigeann aige.
F: He turned his coat, d'athraigh sé; thréig sé a pháirtí.
F: He has turned the corner, tá leis anois; tá an t-aothú curtha thairis aige.
He turned state evidence, d'iompaigh sé ina fhinné stáit (agus chruthaigh in aghaidh a chomrádaithe).
F: He must have turned in his grave, is iontach nár tháinig sé ar ais ó mhairbh.
He went, turned green, tháinig dath na hiompáil lí air; d'iompaigh an lí ann.
His hair turned grey, d'éirigh sé liath; liath a chúl.
He turned (ashen) grey, tháinig dath liath air; d'iompaigh sé ar dhath an bhalla.
He turned informer, mhionnaigh sé ar an gcuid eile.
Light turned low, solas maolaithe.
It turned out to be a mare's nest, ní raibh ann ach nead gearráin faoi dheireadh.
His mind turned to . . ., thosaigh sé ag meabhrú ar . . .
They turned out in full muster, tháinig siad líon a slua.
He turned nasty, d'éirigh sé nimhneach; tháinig fala ann.
Neatly turned phrase, abairt bheacht, dheismir.
Nicely turned sentence, abairt chomair, ghonta.
To have one's feet turned outwards, aghaidh na gcos a bheith amach agat.
He grew, turned, pale, tháinig dath geal bán air.
She turned red, baineadh lasadh aisti.
He turned somersault, (i) chuaigh sé de léim thar a chorp; chuaigh sé tóin thar cheann; rinne sé cleas an chuaille; (ii) (accidental) cuireadh thar a chorp é. Av: Iompú m tóin thar ceann.
It turned sour, ghéaraigh sé.
He turned his steps towards . . ., thug sé aghaidh ar . . .
It turned out a success, d'éirigh leis.
The tide of battle turned, tháinig athrú ar imeachta an chogaidh.
He turned traitor, d'fheall sé.
Newly turned soil, ithir úrdheargtha.
He turned his steps homewards, thug sé aghaidh ar an mbaile.
He never turned a beggar from the door, níor chuir sé bacach óna dhoras riamh.
He is, has, turned forty, tá an dá scór caite, thairis, aige.
It is turned seven o'clock, tá sé tar éis a seacht a chlog.
His love was turned to hate, rinne fuath den ghrá aige.
The heat has turned the milk sour, ghéaraigh an teas an bainne.
Success has turned his head, chuaigh an rath ina cheann dó.
F: Well-turned leg, cos chórach.
Well-turned sentence, abairt shnoite.
The conversation turned on a variety of subjects, is iomaí scéal ar tarraingíodh an comhrá air.
It turned upside down, d'iompaigh sé thar a chorp.
He turned to the left, d'iompaigh sé ar clé.
His luck has turned, d'iompaigh an roth air.
She turned into a swan, rinne eala dí; chuaigh sí i riocht eala.
The snow has turned into slush, tá an sneachta ina ghreallach.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht